Buiséad 2002 Cuspóirí Buiséadacha
Chun ár bhfostuchtúr a fhorbairt
Chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus comhionannas a chur chun
cinn
Chun fiontraíocht agus infheistíocht a spreagadh agus
Chun é sin a dhéanamh ar bhonn a chothaíonn an beartas fioscach
Déanann an Buiséad:
- Na daoine ar lagchuidiú sa phobal a chosaint
- Ár riachtanais a chur in ord tosaíochta
agus
- Leanúint den infheistíocht le haghaidh
na todhchaí
Coimriú ar an Staid Eacnamaíoch Amach
Romhainn
Fás eacnamaíoch (OTI) de réir 3.9% an bhliain seo chugainn
Méadú bliantúil san fhostaíocht de réir 1.5% nó mar sin go dtí
2004
Titim sa bhoilsciú an bhliain seo chugainn go dtí 4.2% agus go
dtí 2¼ faoi 2004
Barrachas sa Státchiste agus Barrachas Rialtais Ginearálta sa bhliain
2002
Méadú de 10½% sa ghlanchaiteachas reatha agus sa ghlanchaiteachas
caipitiúil sa bhliain 2002
Bearta Cánachais a bhaineann le Tithíocht agus le Nithe Eile
Faoiseamh úis ar mhaoin chónaithe ar cíos ar fáil arís, agus laghdú
ar dhleacht stampála d'infheisteoirí
Síneadh de dhá bhliain ar na spriocdhátaí le haghaidh Scéimeanna
Athnuachana Uirbí agus Tuaithe, Tithíochta do
Mhic Léinn, Páirceála agus Marcaíochta, agus Carrchlós
Ilstórach
Faoiseamh cánach ar thabhartais d'Eagrais Spóirt le haghaidh tionscadal
caipitiúil
Leanaí
Íocaíochtaí míosúla le haghaidh Sochair Linbh lena méadú de
£25 (1ú agus 2ú leanbh) go dtí £92.62
sa mhí agus £30 (3ú leanbh agus leanaí ina dhiaidh) go
dtí £116 ó Aibreán 2002
Ón bhliain seo chugainn, beidh teaghlach ina bhfuil 4 leanbh
ag fáil breis agus £417 sa mhí mar Shochar linbh
Méadú ar Liúntas le haghaidh Éadaigh agus Coisbhirt chun dul
ar ais ar Scoil do leanaí in aois 12 agus os a chionn go dtí
suim níos mó ná £94 ó Mheitheamh 2002.
Caiteachas Caipitiúil
- €550 milliún le haghaidh caiteachais chaipitiúil
ar a mbeidh
- €146 milliún le haghaidh tithíochta údaráis
áitiúil agus sóisialta
- €100 milliún le haghaidh feabhsú bóithre
- €44 milliún le haghaidh forbairt iompair
phoiblí
- €55 milliún le haghaidh foirgneamh scoile
den dara agus den tríú leibhéal
- €45 milliún le haghaidh Sláinte agus Leanaí
Bearta um Chánachas Pearsanta
·€634 milliún de laghduithe cánach pearsanta
Méadú de $123 ar an mbunchreidmheas cánach pearsanta go dtí
€1,520
Méadú de €152 ar chreidmheas cánach IMAT go dtí €660
Faoiseamh Cánach ag díriú ar chabhrú le daoine ar ísealphá
An pointe iontrála ar an gcóras cánach a ardú ó €183 (£144)
faoi láthair go dtí €209 (£165) i.e. 90% den íosphá
reatha
Méadú de bhreis agus 20% ar na teorainneacha díolúine ó Cháin Ioncaim
do dhaoine in aois 65 agus os a chionn, go dtí €13,000 duine singil
nó baintreach (fir)/ €26,000 daoine pósta
Bandaí na rátaí cánach caighdeánacha singile a leathnú
tuilleadh de €2,605 go dtí €28,000
79,000 saothraí ar ioncam íseal a bhaint as scóip na cánach
agus 57,000 a bhaintdenan ardráta cánach
Méaduithe i gcreidmheasa do leanaí míchumasaithe, do na daill,
agus do bhaintreacha (fir)
Méadú substaintiúil ar an liúntas cánach chun feighlí a fhostú
Caiteachas Reatha
- €1.68 billiún de chaiteachas comhlán reatha
ar a bhfuil:
- €970 milliún le haghaidh Leasa Shóisialaigh
- €385 milliún le haghaidh Sláinte agus Leanaí
Bearta Leasa Shóisialaigh
Ardú de £10 sa tseachtain ar a laghad sna huasrátaí pearsanta
seachtainiúla le haghaidh pinsean seanaoise
agus pinsean gaolmhar ó Eanáir 2002
Méadú de £12 sa tseachtain sa Phinsean Baintrí (Fir)
(Ranníocach) do dhaoine ar an ráta don aois
os cionn 66
Méadú de £8 ar a laghad sa tseachtain ar an uasráta pearsanta seachtainiúil
d'fhaighteoirí faoi 66
Méadú os cionn £9.50 sa tseachtain ar Chúnamh Dífhostaíochta
agus Liúntas Leasa Forlíontach gearrthéarmach
ó Eanáir 2002
Méadú idir £8 - £10 sa tseachtain ar íocaíochtaí i leith
Liúntais Aosaigh Choinníollaigh ó Eanáir
2002
Méadú ar thairsigh ioncaim le haghaidh Tacaíochta Ioncaim Teaghlaigh
Dúbailt beagnach ar an Deontas do Thuismitheoir atá ina b(h)aintreach
(fir) go dtí suim atá díreach faoi £1,970 ó 5 Nollaig
Méadú de £2.09 ar liúntas na Scéime Breosla Náisiúnta go
dtí suim atá os cionn £7 sa tseachtain ó Eanáir
2002
Tuilleadh méadaithe sa neamhshuim ioncaim i gcás tástála ioncaim
le haghaidh an Liúntais Fheighlí ó Aibreán 2002
Méadú ar an íocaíocht bhliantúil le haghaidh cúraim shosa go dtí
£500
Méadú de 20% ar líon na n-aonad saor atá le fáil faoin Liúntas
Saorleictreachais
Maolú ar na critéir cháilithe le haghaidh an Liúntais Shaortheileafóin
Éifeacht Pas Compánaigh Shaorthaistil a leathnú chun pinsinéirí
easláinte a chlúdach ó Bhealtaine 2002
Bearta um Chánachas Gnó
- Laghdú ar ardráta ASPC (PRSI)
Fostóirí ó 12% go dtí 10¾% ó 1 Márta 2002
- Titfidh an ráta caighdeánach den cháin
chorparáide ar bhrabúis thrádála go dtí 16% ó 1 Eanáir 2002
- I rith na gcúig bliana seo chugainn bogfaidh
íocaíochtaí Cánach Corparáide go bonn bliana reatha
- Feabhas ar fhorálacha faoisimh do chuideachtaí
i leith caillteanais ar a n-ioncam trádála agus
neamhthrádála
- Méadú agus síneadh go deireadh 2003 ar
na faoisimh faoin Scéim Fhorbartha Gnó agus faoin Scéim Shíolchurtha
Caipitil
- Réim Chánach Tonnáiste speisialta don earnáil
loingseoireachta
- Bearta cánach chun cuidiú le feirmeoirí
stoc nua a fháil tar éis an Ghalair Chrúb is Béil
Cánachas Indíreach
- Méadú sa ráta caighdeánach CBL (VAT)
de 1% go dtí 21% ó 1 Márta 2002
- Méadú ar dhleacht mháil ar pheitreal agus
dhíosal de 5p an líotar (agus CBL san áireamh)
ó mheán oíche 5 Nollaig
- Meadú ar dhleacht mháil ar thoitíní de
10p ar phacáiste 20 toitíní (agus CBL san áireamh)
ó mheán oíche 5 Nollaig
- Méadú ar dhleacht mháil ar cheirtlis go
dtí an leibhéal céanna is atá ar bheoir
- Gearradh ar an gcáin gheallghlacadóireachta
ó 5% go dtí 2% ó 1 Bealtaine 2002
|