Home / Budget 2005 /  
 
-
Budgets Homepage
-
Budget 2005 Index
-
Summary of Budget Measures 2005
-
Coimriú Buiséad 2005
-
Department Home Page
-
Government Home Page
-
 




 

Buiséad 2005

1. Cuspóirí Buiséadacha

Seo iad bunchuspóirí an bhuiséid seo:

•  Poist a chosaint agus a mhéadú i dtimpeallacht iomaíochta gnó atá níos géire ná riamh;

•  Ár ngeilleagar a neartú agus a nuachóiriú trí ollchláracha caipitil;

•  Toradh an fháis a roinnt ar ár muintir go léir trí scothsheirbhísí a sholáthar agus ár n-acmhainní a roinnt ar bhonn níos cothroime;

•  Tréaniarracht a dhéanamh cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar, go háirithe na daoine sin atá faoi míchumas.

Cothaíonn an polasaí buiséid, atá á bheartú de réir riachtanas Chonradh um Chabhsaíocht agus Fás an AE, muinín, infheistíocht, agus fás. Tacaíonn sé le cuspóirí an Rialtais i dtaca le fostaíocht, rachmas agus forbairt chomhordaithe eacnamaíoch. Caithfear comhréir a choinneáil idir fás an chaiteachais phoiblí agus fás ioncaim stáit d'fhonn treisiú leis an dul chun cinn suntasach atá bainte amach le blianta beaga anuas agus ag cinntiú inchothaitheacht bhuiséadach sa todhchaí.

 

2. Dealramh Eacnamaíoch

 

I láthair na huaire tá Éire ag gluaiseacht ar ais i dtreo leibhéil ionchothaithe fáis in aghaidh na bliana, agus tá seo le tabhairt faoi deara i dtuarthaí ar mheánrátaí fáis de 5.3% agus 4.8% i dtearmaí OTI agus OTN i rith na tréimhse 2005-7. Sa bhliain 2004 tá fás de 5.3% OTI agus de 4.9% OTN tuartha i gcomparáid le fás de 3.7% OTI agus de 2.8% OTN i leith na bliana 2003. Tá súil ag Coimisiún na hEorpa le fás de 2.1% ar an meán sa cheantar euro i mbliana.

 

Tá dealramh dearfach don fhostaíocht sna blianta 2005-2007 agus táthar ag súil le meánfhás de 1.6%. Ceaptar gur 4.5% a bheidh sa mheánráta dífhostaíochta i rith na tréimhse. Ceaptar go bhfanfaidh Boilsciú Praghsanna Tomhaltais i bhfad níos cóngaraí don mheánráta sa cheantar euro i rith 2005-2007 seachas an ráta a bhí i bhfeidhm sna trí bliana atá caite. Táthar ag súil le meánráta de 2.4% i mboilsciú praghsanna tomhaltais i rith an ama.

 

Coimriú ar an Dealramh Eacnamaíoch agus Buiséadach 2005

 

•  Fás Eacnamaíoch ag breis agus 5%

•  Méadú de 35,000 san fhostaíocht

•  Dífhostaíocht ag 4.4%

•  Ráta boilscithe ag 2.5%

•  Méadú de 9.1% ar chaiteachas comhlán, i leith Seirbhísí Poiblí, chuig €44.8 billion

•  Iasachtaí Státchiste díreach faoi €3.0 billiún

•  Easnamh Rialtais Ghinearálta ag 0.8% de OTI

 

3. Seasamh Buiséadach

 

Tá seasamh buiséadach an Rialtais bunaithe ar an gcuspóir go leanfaidh inbhuaine bhuiséadach sa mheánteárma.

 

Is mar seo a bheidh an staid bhuiséadach de réir tuartha sa tréimhse 2005-2007. Easnamh i mbuiséad an Rialtais Ghinearálta de 0.8% de OTI sa bhliain 2005, agus easnaimh de 0.6% in 2006 agus de 0.6% in 2007 atá á dtuar. An comhardú Buiséadach (structúrach) arna choigeartú go timthriallach agus é ag dul ó staid chomhordaithe sa bhliain 2005, go barrachas de 0.3% de OTI in 2007, tá sé dílis do théarmaí an Chonartha um Chobhsaíocht agus Fás. Coinneofar an coibhneas idir fiachas agus OTI ar an dara ráta is ísle sa cheantar euro –30% don tréimhse tuartha. Tá sé seo i gcomhréir le tosaíochtaí fadtéarma an Rialtais mar a rianaítear thuas. Meastar gur ionann sócmhainní an chúlchiste Pinsin Náisiúnta agus 7.6% de OTI ag deireadh 2004.

4. Cánachas 1

 

Straitéis Chánach

 

Tá polasaí cánach na hÉireann dírithe ar thimpeallacht a chur chun cinn a oireann do phoist a chothú chun cabhrú le fás bríomhar fostaíochta, le timpeallacht fhabhrach ghnó a spreagadh, agus le caighdeán beatha níos fearr don phobal ar fad a sholáthar.

 

I mBuiséid 2003 agus 2004, ní raibh ach cistí teoranta ar fáil le haghaidh laghduithe cánach. Ba é a bhí mar phríomhchúram, timpeallacht a dhaingniú a bhí go maith don fhostaíocht, agus a bunaíodh de bharr an chur chuige a tógadh i mblianta roimhe sin. Rinneadh é seo trí ualach íseal cánach a chothú ar chách, agus trí na hacmhainní a bhí ar fáil a dhíriú ar foirceann íseal an scála ioncaim. Leantar leis an gcur chuige seo i mBuiséad 2005. Sa bhliain 2005, éireoidh leis an Rialtas, níos túisce ná a beartaíodh, a sprioc a bhaint amach chun na daoine go léir ar íosphá a shaoradh ó cháin ioncaim. Cinnteoidh an Rialtas freisin go bhfaighidh gach oibrí laghdú suntasach ar an ualach cánach atá orthu.

 

Bearta Cánachais Pearsanta

Is mar seo a leanas atá príomh-chomhchodanna an phacáiste cánach pearsanta, le héifeacht ó 1 Eanáir 2005:

•  Pacáiste cánach pearsanta de €682 milliún i mbliain iomlán.

•  Méadú ar chreidmheasanna pearsanta de €60 singil/€120 pósta go €1,580 singil /€3,160 pósta.

•  Méadú de €230 go €1,270 sa bhliain ar chreidmheas cánach fostaí (ÍMAT).

•  Méadú suas le 5% ar Bhandaí de Rátaí Caighdeánacha chuig:

   • €29,400 singil

   •  €38,400 Pósta, ioncam amháin

   •  €58,800 Pósta, dhá ioncam

   •  €33,400 Tuismitheoir Aonair/Tuismitheoir Baintrí (Fir)

  • Méadú ar theorainneacha diolúine aoise (singil/pósta) ó €15,500/€31,000 go €16,500/€33,000

_________________________

1 Stádas na mBearta Cánachais

Maidir leis na bearta cánachais a rianaítear sa Ráiteas Airgeadais agus i ndoiciméid ghaolmhara agus nach gcuimsítear sna Rúin Airgeadais faoin Acht Sealadach um Bailiú Cánach 1927, tá sé tábhachtach a mheabhrú go dtugtar éifeacht reachtúil dóibh trí achtú an Bhille Airgeadais 2005 ag an Oireachtas. Is féidir go ndéanfar athruithe le linn an phróisis reachtaíochta seo. Is féidir leo tarlú freisin má bhíonn ceisteanna AE ann maidir le cúnamh Stáit agus go n-éilíonn an Coimisiún Eorpach na hathruithe seo sula gceadaítear iad.

  • Méadú ar thairseach an Tobhaigh Sláinte ó €356 sa tseachtain go €400 sa tseachtain.

 

Cáin Ioncaim Eile

Beidh éifeacht le gach mír ó 1 Eanáir 2005 mura ndeirtear a mhalairt.

 

  • Athbhreithniú cuimsitheach ar na faoisimh agus ar na díolúiní cánach go léir.

 

  • Síneadh ar an diolúine speisialta cánach le haghaidh sochair dhífhostaíochta d'oibrithe gearrthéarma córasacha go ceann dhá bhliain eile go dtí 31 Nollaig 2006.

 

  • I gcás daoine atá faoi 55 bliana, méadú de €230 singil/€460 pósta agus baintreacha (fir) go dtí €1,500/€3,000 sa bhliain ar an uasleibhéal cíosa a íoctar as cóiríocht phríobhaideacha ar cíos, agus ar féidir faoiseamh cánach a éileamh air de réir an ráta chaighdeánaigh. Do dhaoine in aois 55 agus os a choinn tá na méideanna faoi seach á n-árdú go €3,000/6,000

 

  • Méadú ar uasmhéid na dtáillí is incháilithe faoi scéim faoisimh chánach i leith táillí 3ú leibhéal ó €3,175 go €5,000 sa bhliain, ag tosnú leis an bhliain acadúil 2005/2006.

 

 

  • Méadú ar an tairseach diolúine ó €100 go €250 i gcás Sochair Chomhchineáil Bheaga

 

Dleacht Stampála

 

  • Mórbhearta faoisimh maidir leis an táille Dleacht Stampála i gcás céad-cheannaitheoirí maoine cónaithe dara láimhe, agus é i gceist acu maireachtáil iontu.

 

  • Diolúine Dleacht Stampála ón táille dúbalta a eascraíonn de bharr cartaí airgeadais a aistriú, leithéidí cartaí creidmheasa, muirir, ATM agus léasair.

 

  • Laghdú de leath ar dhleacht caipitil cuideachtaí – sé sin an dleacht a ghearrtar nuair a eisítear scairchaipiteal – ó 1.0% go 0.5%.

 

 

 

Cáin Indíreach

 

 

  • Níl aon mhéadú ar Dhleachtanna Máil ar alcól, ar pheitreal, ar dhíosal nó ar thobac.

 

  • Leathnú na scéime a thugann 50% d'aisíoc ar VRT (Cháin Chláraithe Feithicle) do cheannaitheoirí feithiclí ‘hibride' go ceann dhá bhliain eile go dtí 31 Nollaig 2006.

 

  • I gcás an ghnáthráta cánach ar Tháirgí Alcólacha tá laghdú de 50% ar an ngnáthráta cánach i gcás bheoracha a tháirgítear i miondrioglanna ó 1 Éanair 2005.

 

  • Ar mhaithe leis an timpeallacht, i rith 2005 tionscnófar difreálach máil ar pheitreal atá saor ó shulfar, cosúil leis an difreálach ar dhíosal saor ó shulfar a tionscnaíodh i mBuiséad 2002.

 

Cánachas Feirmeoirí

 

  • Chun cabhrú le feirmeoirí Clár Gníomhaíochta Níotráite an AE a chomhlíonadh, tá laghdú ó 7 mbliana go 3 bliana ar an tréimhse tugtha anuas atá sa scéim speisialta um fhaoiseamh cánach i dtaca le caiteachas ar bhearta chun truailliú feirme a rialú.

 

  • Ardú ar Rátaí Comhréidh/CBL breise do Fheirmeoirí ó 4.4% go 4.8%

 

  • Síneadh ar Fhaoiseamh Stoic d'fheirmeoirí (agus feirmeoirí óga traenáilte san aireamh) ar feadh dhá bhliain eile ó 1Eanáir, 2005.

 

  • Sa Bhille Airgeadais 2005 tabharfar faoiseamh áirithe ó dhleacht stampála i gcás tailte feirmeoireachta a mhalartaíonn feirmeoirí eatarthu féin chun críche comhdhlúthaithe feirme tríd an dleacht a fheidhmiú maidir le méid atá comhionann leis an difríocht idir luach na dtailte atá i gceist, agus ar an méid sin amháin.

 

  • Maidir le híocaíochta díreacha áirithe ó FEOGA don bhliain 2004 agus a íocfar in 2005 beidh forál sa bhille Airgeadais a chuirfidh ar chumas feirmeoirí meán a ríomh i dtrí chomhchodanna i rith na mblianta 2005-2007 chun críche cánach.

 

5. Leas Sóisialach

Is é strátéis fhoriomlán an Rialtais fás eacnamaíoch a chinntiú ar bhonn inbhuanaithe d'fhonn teacht ar na hacmhainní chun riachtanais an phobail a shásamh. Tá éileamh ar leith acu siúd atá faoi mhíbhuntáiste ar na hacmhainní comhchoitianta. Is tríd an gcóras Leasa Shóisialaigh a thugtar ceann de na príomhdeiseanna dúinn chun na dualgaisí a chomhlíonadh. Cosnaíonn na feabhsúcháin uilig in íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh mar a fógraíodh sa Bhuiséad seo €874 milliún breise i mbliain iomlán.

 

(ó Eanáir 2005 mura ndeirtear a mhalairt)

 

  • Méadú de €12 sa tseachtain ar uasrataí pearsanta i leith pinsean seanaoise agus pinsean gaolmhar.

 

  • Méadú de €14 sa tseachtain ar uasrataí pearsanta eile.

 

  • Méadú de €14 sa tseachtain ar íosrátaí i leith Sochair Mháithreachais agus, do dhaoine os cionn an íosráta, méadú ar an ráta iníocthaithe ó 70% go 75% de thuillimh ináirimh

 

  • Méadú de €39 sa tseachtain ar thairsigh ioncaim i leith Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

 

  • Méadú de €10 i leith Sochair Linbh (1ú agus 2ú leanbh) go €141.60 sa mhí agus de €12 sa mhí (3ú leanbh agus níos mó) go dtí €177.30 i bhfeidhm ó Aibreán 2005.

 

  • Méadú go €20,000 ó Mheitheamh 2005 ar an méid caipitil nach gcuirtear san áireamh chun críche tástála acmhainne. Baineann seo leis na scéimeanna go léir (ach amháin an Liúntas Leasa Forlíontach).

 

  • Méadú go €1,000 ó Mheitheamh 2005 ar an Deontas Sosa i leith Cúraim agus atá iníoctha leo. Meastar go mbeidh 9,000 i dteidil an deontais seo.

 

6. Seirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas

Don bhliain 2005, bhí soláthar in Imleabhar na Meastachán Coimrithe, a foilsíodh ar 18 Samhain le haghaidh acmhainní breise de €290m i gcomhair sainseirbhísí míchumais. Tá suim de €75m á leithdháileadh i gcomhair na seirbhísí seo as an gclúdach caipitil leasaithe do 2005 mar a fograíodh sa bhuiséad. Anuas ar sin, tá clár infheistíochta ilbhliantúil á thabhairt isteach chun cuidiú leis an bhforbairt ar sheirbhiísí tacaíochta do lucht míchumais a bheidh ardtosaíochta leo i rith na tréimhse 2006-2009. I dtearmaí carnacha, beidh caiteachais reatha de €600m agus caiteachais caipitil de €300m beagnach, i gceist i rith na gceithre bliana seo. Sólathróidh an maoiniú seo:

 

  • Breis de 255 spás chónaithe, 85 spás sosa agus 535 spás lae gach bliain le haghaidh daoine le mhíchumas intleachta agus do dhaoine le huathachas. Tá an méid seo de bhreis ar an 270 spás chónaithe, an 90 spás sosa agus an 400 spás lae atá a soláthar in 2005. Is ionann seo agus 1,290 spás cónaithe nua, 430 spás sosa nua agus 2,540 spás lae nua san iomlán.

 

  • 80 spás chónaithe breise chuile bhliain do dhaoine le míchumais colainne nó le míchumais chéadfacha anuas ar an 60 spás nua in 2005. Is ionann seo agus 380 spás chónaithe nua san iomlán

 

 

  • 250,000 uaireanta breise de thacaíocht bhaile agus de chúnamh pearsanta curtha ar fáil gach bliain le neamhspleáchas maireachtála a thabhairt do dhaoine le míchumas. Tá seo anuas ar 200,000 uaireanta breise in 2005. Is ionann seo agus 1.2 milliún uaireanta breise san iomlán.

 

  • 100 spás nua le soláthar gach bliain i saoráidí meabhairshláinte pobalbhunaithe. Is ionann seo agus 400 spás breise.

 

  • Feabhsúcháin ar shaoráidí aosacha agus réamhscolaíochta

 

  • Feabhsúcháin ar bhealaí isteach i bhfoirgnimh phoiblí agus ar áiseana eile

7. Caiteachas Caipitil

I mBuiséad 2004 tugadh isteach clúdaigh chaipitil ilbhliantúla le tarmrolladh thar thréimhse cúig bliana. Bhain Buiséad 2004 leis an tréimhse 2004-2008. Is gné bharrthábhachtach de na socruithe um chlúdaigh chaipitil go gceadaíonn siad caipiteal neamhchaite nach mó ná 10% den chaipiteal vótáilte a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain dár gcionn. Baineann an clúdach sa Bhuiséad seo leis an tréimhse 2005-2009. Léithdháileann sé an cúlchiste neamh-leithdháilte le haghaidh 2005 a bhí san áireamh sa chlúdach caipitil do 2004-2008, agus áirítear ann an soláthar caipitil go dtí 2009 chun tosaíochtaí infheistíochta an Rialtais a léiriú sa chúig bliana atá romhainn.

Cuirfear beagnach €6.3 billiún de chaipiteal státchiste ar fáil le haghaidh infheistíochta in 2005, agus méid de €237 milliún tugtha ar aghaidh ó 2004 san áireamh.

Tá €36.3 billiún san iomlán le hinfheistiú don tréimhse 2005-2009 sa chlúdach caipitil ilbhliantiúil. Is ionann sin agus infheistíocht beagnach €3 billiún níos mó ná mar a bhí i gclúdach na tréimhse 2004-2008.

 


 



Dept of Finance, Government Buildings, Upr Merrion St. Dublin 2, Ireland. Tel +353 1 676 7571 webmaster@finance.gov.ie