Home / Budget 2006 /  
 
-
Budgets Homepage
-
Budget 2006 Index
-
Financial Statement 2006
-
Summary of Budget Measures 2006
-
Coimriú Buiséad 2006
-
Department Home Page
-
Government Home Page
-
 




 


Buiséad 2006

1.  Cuspóirí Buiséadacha

Seo iad cuspóirí an Bhuiséid seo:

  • Comhionannas agus deiseanna a fheabhsú do chách inár sochaí;
  • Cabhrú leo siúd atá ar ioncam íseal;
  • Tacú le teaghlaigh ag gach leibhéal;
  • Forbairt ár n-infreastruchtúr d’fonn cabhrú le gnólachtaí ar mhaithe le hiomaíocht;
  • Ár gcomhshaol  agus ár n-oidhreacht a chinntiú;
  • Cuidiú le tomhaltóirí  agus cáiníocóirí luach ar airgead a fháil.

Polasaí buiséid a bheartaítear de réir riachtanas Chonradh an AE um Chobhsaíocht agus Fás, cothaíonn sé muinín, infheistíocht agus fás.  Tacaíonn sé le cuspóirí an Rialtais i dtaca le fostaíocht, rachmas agus forbairt chomhordaithe eacnamaíoch.  Caithfear leanúint le comhréir a choinneáil idir fás an chaiteachais phoiblí agus fás ioncaim stáit d’fhonn an dul chun cinn suntasach atá bainte amach le blianta beaga a dhaingniú agus inchothaitheacht bhuiséadach sa todhchaí a chinntiú.

2. Dealramh Eacnamaíoch

D’ainneoin roinnt priacal diúltach, réamh-mheastar go mbeidh an timpeallacht idirnáisiúnta i leith gheilleagar na hÉireann fabhrach tríd agus tríd, go ceann cúpla bliain, de réir réamh-mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh, ECFE agus CAI.  Táthar ag súil go leanfaidh fás sna SA agus san Áise go láidir agus  tá súil le feabhas i limistéar an Euro agus i ngeilleagar leathan an AE thar an tréimhse 2006 agus 2007.

I dtaca leis an gcúlra fabhrach idirnáisiúnta seo maraon le fuinneamh láidir san éileamh intíre, ba chóir go méadódh geilleagar na hÉireann ar ráta idir 4½ agus 5% thar an tréimhse 2006 go 2008.  Réamh-mheastar go leanfar le feidhmiú láidir sa mhargadh saothair, agus le méadú san fhostaíocht díreach faoi 2½%, agus go bhfanfadh an ráta dífhóstaíochta faoi 4½% le linn na tréimhse.  Ba chóir go bhfanfaidh an boilsciú go measartha ar mheánráta díreach faoi 2% i dtéarmaí AE, go ginearálta ar aon dul le meán limistéar an euro.

 

 

 

Coimriú ar an Dealramh Eacnamaíoch agus Buiséadach 2006
 
  • Fás Eacnamaíoch de 4.8%
  • Méadú de 60,000 san fhostaíocht
  • Dífhostaíocht ag 4.3%
  • Ráta boilscithe ag 2.7%
  • Caiteachas comhlán i leith Seirbhísí Poiblí ag €50 billiún
  • Easnamh Rialtais Ghinearálta ag 0.6% de OTI

 

 

3. Seasamh Buiséadach

Is í an staid réamh-mheasta bhuiséadach thar an tréimhse 2006-2008 ná go mbeidh Easnamh Rialtais Ghinearálta “ceannlíneach” Buiséadach de 0.6% de OTI in 2006, agus go mbeidh easnaimh de 0.8% in 2007 agus mar an gcéanna in 2008.  An comhardú buiséid bunúsach (struchtúrach) ag barrachas de ¼% in 2006, agus a bheidh ag 0.2% ar an meán sa tréimhse 2006-2008, tá sé dílis do théarmaí an Chonartha um Chobhsaíocht agus Fás, agus i gcomhréir le cuspóir meántéarma chun an buiseád a choinneáil cóngarach do chothromaíocht sa tréimhse 2006-2008.  Coinneofar an coibhneas idir fiachas agus OTI ar an dara ceann is ísle i limistéar an euro – níos lú na 30% sa tréimhse réamh-mheasta.

4. Cánachas ¹

 Straitéis Chánach

Tá polasaí cánach na hÉireann dírithe ar thimpeallacht atá fabhrach do phoist, chun fás tréan fostaíochta a éascú , chun timpeallacht fhabhrach gnó a fhorbairt, agus ar mhaithe le cineál beatha níos fearr do shaoránaigh.  Tagann an straitéis seo le cuspóirí straitéis Liospóin. 

Ba é an polasaí sna Buiséid le blianta beaga ná an timpeallacht a bunaíodh in Éireann thar na blianta agus a bhí fabhrach don fhostaíocht a dhaingniú.  Rinneadh é seo tríd an ualach íseal cánach ar chách a chothú agus trí na hacmhainní a bhí ar fáil a dhíriú ar íochtar an scála ioncaim.

_________________________

1    Stádas na mBearta Cánachais

Maidir leis na bearta cánachais a rianaítear sa Ráiteas Airgeadais agus i ndoiciméid ghaolmhara agus nach gcuimsítear sna Rúin Airgeadais faoin Acht Sealadach um Bailiú Cánach 1927, tá sé tábhachtach a mheabhrú go dtugtar éifeacht reachtúil dóibh  trí achtú an Bhille Airgeadais 2006 ag an Oireachtas.  Is féidir go ndéanfar athruithe le linn an phróisis reachtaíochta seo.  Is féidir leo tarlú freisin má bhíonn ceisteanna AE ann maidir le cúnamh Stáit agus go n-éilíonn an Coimisiún Eorpach na hathruithe seo sula dtugann sé a chéad.

 

Bearta Cánachais Pearsanta

Is mar seo a leanas atá príomh-chomhchodanna an phacáiste cánach pearsanta:

  • Saorfar saothróirí íosphá ó chain agus ó ÁSPC
  • Saorfar saothróirí meánphá ón ardráta cánach
  • Tá breis agus 740,000 duine saor ó cháin anois, rud a baineadh amach trí na bearta seo a leanas:
     

    Méadú ar chreidmheas cánach fostaí (ÍMAT) de €220 go dtí €1,490 sa bhliain

    Méadú ar chreidmheasanna pearsanta de €50 singil/€100 pósta go dtí €1,630 singil/€3,260 pósta

    Méadú  de 9% beagnach ar Bhandaí na Rátaí Caighdeánacha go dtí:

    €32,000 Singil (ó €29,400)

    €41,000 Pósta, Ioncam amháin (€38,400)

    €64,000 Pósta, Dhá Ioncam (€58,800), agus

    €36,000 Tuismitheoir Aonair/Baintreach (Fir) (€33,400)

  • Méadú ar na teorainneacha díolúine aoise (singil/pósta) ó €16,500/€33,000 go dtí €17,000/€34,000
  • Méadú ar Thairseach an Tobhaigh Shláinte ó €400 sa tseachtain go dtí €440 sa tseachtain.

Cáin Ioncaim Eile

  • Tá creidmheasanna cánach do dhaoine dalla, do bhaintreacha (fir), do dhaoine faoi mhíchumas agus do ghaolta cleithiúnacha á méadú tuilleadh de mhéideanna ó bhreis is 20% go dtí 50%.
  • Tá an faoiseamh cánach do dhaoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos á mhéadú  de 10%.
  • Tá an faoiseamh cánach do dhaoine a íocann táillí ballraíochta Ceardchumainn á mhéadú ó €200 go dtí €300 sa bhliain.
  • Tá an uasteorainn faoisimh do dhuine a fhostaíonn cúramóir sa bhaile á mhéadú ó €30,000 go dtí €50,000 sa bhliain.

Córas Cánach níos cothroime

  • Tá clabhsúr á cur ar réimse d’fhaoisimh chánach ach beidh forálacha eatramhacha ann chun fostaíocht a chosaint, go háirithe san earnáil tógála.
  • Tá uasteorainn á tionscnamh ar an méid tairbhe  is féidir a bhaint as saindreasachtaí faoisimh chánach.  Feidhmeoidh an uasteorainn tríd an méid ioncaim atá os cionn €250,000 sa bhliain a laghdú, ar féidir an cháin ina leith a mhaolú trí fheidhmiú na bhfaoiseamh seo.
  • Tá an díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncam ealaíontóirí á coinneáil ach beidh sí faoi réir na huasteorann thuasluaite.
  • Tá roinnt athruithe á ndéanamh maidir le faoiseamh cánach do phinsin i dtaca le pinsin ardsaothróirí agus le Cistí Scoir Ceadaithe.

Cánachas Indíreach

  • Níl aon mhéaduithe ar na rátaí reatha CBL nó ar Dhleachtanna Máil.
  • Ta an dleacht máil ar cheirisín agus ar GLP a úsáidtear chun tithe cónaithe a théamh, á  laghdú de leath ó mheánoíche ar 7 Nollaig agus beidh ráta nialasach air in 2007.  Ciallaíonn sé seo laghdú cánach idir €23 agus €36 (agus CBL san áireamh) ar mhíle líotar de bhreoslaí den chineál seo le linn an dá bhliain amach romhainn.
  • Tá an dleacht geallghlacadóireachta á laghdú de leath ó 2% go dtí 1% ó 1 Iúil seo chugainn.

Ag cabhrú le Gnó agus le Gnólachtaí Beaga

  • Tá ardú á dhéanamh go dtí €30,000 sa bhliain ar an teorainn íocaíochta bliantúla cánach faoinar féidir ÍMAT agus ÁSPC a íoc ar bhonn ráithe in áit an ghnáthbhoinn mhíosúil.  Cabhróidh sé seo le 74,000 gnólacht beag agus bainfidh costas aon uaire de €102 milliún leis.
  • Tá na tairseacha clárúcháin CBL le haghaidh gnólachtaí beaga á n-ardú go €27,500 i leith seirbhísí agus €55,000 i leith earraí.
  • Díothaítear ón lá inniu an dleacht caipitil cuideachta, a fheidhmítear ar ráta de 0.5% de luach an scairchaipitil a chruinníonn cuideachta arna foirmiú agus ar scaireisiúintí níos déanaí.
  • Tá athruithe ar rialacha léasaithe á dtionscnamh maidir le gníomhaíochtaí coimhdeacha  cuideachtaí léasaithe.

Bearta in aghaidh Seachaint Cánach

  • Tá an bonn Seoltán cánach, faoinar féidir le fostaithe áirithe  neamh-shainchónaitheacha ag cuideachtaí neamhchónaithe éalú ó mhéid áirithe de cháin ioncaim i leith a n-ioncaim fostaíochta Éireannaigh á dhíothú.  De bharr an bhirt seo, beidh gach fostaí agus cuideachta ar an mbonn céanna cánach, nuair a fheidhmíonn siad laistigh den Stát, is cuma cad é an náisiúntacht nó cé hé an fostóir.
  • Tá clabhsúr á chur le scéimeanna áirithe seachanta cánach lena mbaineann bealaí éalaithe chun CGC a sheachaint agus le faoiseamh cánach a úsáid i dtosca bréige ag cuideachtaí.

Cánachas Feirmeora

  • Ta beartán d’fhaoisimh shuntasacha cánach á mholadh anuas chun cabhrú leis an bpobal feirme aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh rompu sna blianta seo chugainn.  Ar na faoisimh seo tá méadú suntasach ar na teorainneacha díolúine cánach ar ioncaim ó léasú feirme thar thréimhse níos mó ná 5 bliana, agus leanúint ar an díolúine ar dhleacht stampála d’fheirmeoirí óga traenáilte.

Tionscnaimh Comhshaoil agus Eile

  • Tá Ciste Carbóin le bunú ar bhonn maoinithe ilbhliantúil ionas gur féidir leis an Stát creidmheasanna carbóin a cheannach mar chuid de thiomantas an Rialtais chun déileáil le dúshlán na haeráide athraithí.
  • Beidh leithdháileadh suas go dtí  €65 m i gClúdach Caipitil na Roinne Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha don tréimhse 2006-2010 chun tacaíocht a sholáthar le roinnt scéimeanna deontais nuálacha a fheidhmiú maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh.
  • Tá faoisimh nua máil - €200 milliún thar thréimhse 5 bliana -  á dtionscnamh chun úsáid agus táirgeadh bithbhreoslaí a spreagadh.  Mar bheart comhlántach, tá an faoiseamh atá ar fáil faoi láthair ó CCF d’fheithiclí croschineálacha á thabhairt freisin d’fheithlicí nua atá in ann feidhmiú ar bhithbhreoslaí ardghráid.
  • Tá scéim nua faoisimh chánach á tionscnamh le haghaidh maoin oidhreachta a dheonaítear don Iontaobhas Oidhreachta atá á mholadh.
  • Tá tionscnamh airgeadais sóisialta á seoladh le tacaíocht lucht na mbanc ionas gur fusa maoiniú iasachta a fháil chun críocha forbartha sóisialta agus pobail.  Iarrfar freisin ar pháirtithe leasmhara eile cabhair a thabhairt chun an tionscnamh seo a fhorbairt.

5.  Leas Sóisialach

Is í bunfheidhm an Rialtais na codanna is laige dár sochaí a chosaint agus cabhrú leo.  Is mian leis an Rialtas díriú ar na grúpaí seo a leanas le haghaidh feabhsúcháin faoi leith i mbliana – seandaoine, daoine ar an ráta leasa shóisialaigh is ísle, iad siúd a ngoilleann bochtaine leanaí agus teaghlaigh orthu agus cúramóirí – sa phacáiste leasa shóisialaigh a mbeidh €1,120 milliún ann san iomlán i mbliain iomlán

 (Ó Eanáir 2006, mura ndeirtear a mhalairt)

  • Méadú de €14 sa tseachtain ar na huasrátaí pearsanta i leith pinsean seanaoise agus pinsean gaolmhar go €193.30 sa tseachtain agus méadú speisialta breise de €2 sa tseachtain (i.e. méadú iomlán de €16 sa tseachtain) do gach pinsinéir neamh-ranníocach in aois 66 agus ós a chionn.  Is é €182 an ráta neamh-ranníocach.
  • Méadú de €17 sa tseachtain ar uasrátaí pearsanta eile.
  • Méadú i leith Socair Mhaithreachais ó 75% go 80% de thuillimh ináirimh.
  •  Ráta na Scéime Náisiúnta Breosla le méadú ó €9 sa tseachtain go €14 sa tseachtain.
  • Sochair Linbh le méadú de €8.40 (1ú agus 2ú leanbh) go €150 sa mhí agus de €7.70 sa mhí (3ú leanbh agus níos mó) go dtí €185 sa mhí ó Aibreán 2006.  Comhlíontar leis seo an t-aistriú chuig ardráta i leith sochar leanaí faoi mar a gealladh.
  • Tá an Liúntas Curamóra á mhéadú go dtí €200 sa tseachtain dóibh siúd atá in aois 66 agus os a chionn agus go dtí €180 dóibh siúd faoi bhun 66 bliana.
  • Tá feabhsúcháin á dtionscnamh i dtearmaí na Scéimeanna Liúntais um Míchumas,  Ar Ais chun Oibre , agus Ar Ais chun Oideachais chun cabhrú le pairteachas sa lucht saothair.
  •  Tá ráta an Deontais Sosa i leith Cúraim á mhéadú go dtí €1,200 ó Mheitheamh 2006.

6.  Straitéis nua cúig bliana um Chúram Leanaí

Is léir don Rialtas a dheacra is atá sé do mhórán tuismitheoirí agus do mhorán teaghlach cúram leanaí inacmhainne a fháil.  Tá sé an-tábhachtach go mbeadh réimse de roghanna ag tuismitheoirí nuair a chinneann siad conas cúram a thabhairt dá leanaí.  Is maith le roinnt tuismitheoirí cúram teaghlaigh nó socruithe neamhfhoirméalta a úsáid agus is fearr le roinnt eile socrú foirméalta cúram leanaí .  Is mian leis an Rialtas na roghanna atá ag tuismitheoirí a mhéadú agus breis deiseanna a thabhairt dóibh.  Tá an Rialtas tar éis straitéis cúig bliana a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar agus ar chostas cúram leanaí.  Beidh costas carnach de €2.65 billiún ag an stratéis cúig bliana seo.  Is é costas  na mbeart seo in 2006 ná €317 milliún.   Ar na sainbhearta atá i gceist le linn na tréimhse tá:

  • Forlíonadh Luath-Chúram Leanaí a thionscnamh.  Is íocaíocht dhíreach neamhchánach é seo a bheidh ar fáil ag tuismitheoirí léanaí réamh-scoile go léir.  Is fiú €1,000 sa bhliain an íocaíocht seo i leith gach linbh go dtí a s(h)éú lá breithe agus íocfar é in aghaidh na ráithe ó lár 2006.  Cosnóidh an scéim seo €353 milliún i mbliain iomlán. 
  • Beidh síneadh de 4 seachtain, ó Mhárta 2006, ar an tréimhse de shaoire mháithreachais, a bhfuil máithreacha leanaí nua-bhreithe ina teideal, bíodh an tsaoire sin ina saoire íoctha nó ina saoire neamhíoctha.  Beidh méadú breise de 4 seachtain de shaoire mháithreachais idir íoctha agus neamhíoctha  in 2007.  Dá bharr sin is é a bheidh sa tréimhse saoire mháithreachais ná 26 seachtain ag an am sin, agus is é a bheidh sa tréimhse saoire neamhíoctha ná 16 seachtain.
  • Beidh Clár Náisiúnta ilbhliantúil Infheistíochta Chúram Leanaí nua i bhfeidhm ó 2006-2010, a thacóidh le 50,000 spás breise a sholáthar do chúram leanaí.
  • Comhlánfar an rolladh amach de spásanna nua le socruithe treisithe oiliúna  chun tacú le cúram leanaí den scoth a sheachadadh.  San iomlán oilfear 17,000 oibrithe cúram leanaí sa tréimhse 5 bliana atá romhainn.  

7.  Caiteachas Caipitil

Tá sé ar intinn ag an Rialtais ár stoc caipitil a mhéadú chun cabhrú leis an ngeilleagar forbairt agus borradh, agus luach ar airgead a chinntiú san am céanna.  Chun na críche seo, ta timpeall €43.5 billiún á sholáthar le haghaidh infheistíocht thar an tréimhse 2006-2010.  Tá €38 billiún de seo á mhaoiniú ag an Státchiste agus tá €5.5 billiún le maoiniú faoi shocruithe Comhpháirtíochta Poiblí Príobháideacha.  Seachadóidh an clúdach caipitil seo:

  • fíorfheabhsúcháin sofheicthe inár líonra iompair;
  • feabhas straitéiseach inár n-earnáil oideachais chun ár stór de chaipiteal daonna a dhoimhniú agus a leathnú;
  • mórleathnuithe ar shaoráidí sláinte;
  • clár suntasach um thithíocht shóisialta inacmhainne;
  • tionscnaimh nua maidir le saoráidí ealaíne agus áinseasa, a léireoidh ár bhforbairt mar gheilleagar agus mar shochaí aibí; agus
  • Iompar 21:  Tá timpeall €14 billiún á sholáthar don tréimhse 2006-2010 maidir le costais chaipitil an Chláir deich mbliana um Iompar 21.

Gluais Gaeilge Béarla – Giorrúcháin sa Téacs

Irish English Glossary of Abbreviations in the Text

AE                   Aontas Eorpach                                                                     EU

ÁSPC              Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta                                   PRSI

CAI                 Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta                                              IMF

CBL                Cáin Bhreisluacha                                                                  VAT

CCF                Cáin Chlárúcháin Feithiclí                                                      VRT

CFC                Cáin ar Fháltais Chaipiliúla                                                   CAT

CGC                Cáin ar Ghnóthachain Chaipitiúla                                         CGT

ECFE              Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch          OECD

GLP                Gás Leachtach Peitriliam                                                      LPG

ÍMAT              Íoc mar a Thuillir                                                                  PAYE

OTN                Olltáirgeacht Náisiúnta                                                         GNP

SA                   Stáit Aontaithe                                                                       US



Dept of Finance, Government Buildings, Upr Merrion St. Dublin 2, Ireland. Tel +353 1 676 7571 webmaster@finance.gov.ie