Home / Budget 2007

Coimriú Buiséad

1. RÉAMHRÁ

Le naoi mbliana anuas, bhain Éire amach borradh eacnamaíoch thar an ngnáth. Diansaothar ár muintire agus polasaithe an Rialtais seo ba chúis leis an rath sin. Baineann Buiséad 2007 leas as an rath seo le hÉirinn níos láidre agus níos cothroime a thógáil.

2. DEALRAMH EACNAMAÍOCH

Glactar leis i measc institúidí tuartha eacnamaíochta idirnáisiúnta go mbeidh dearcadh dearfach i gcoitinne ag an eacnamaíocht dhomhanda sa ghearrthéarma d’ainneoin an mhoilliú reatha in eacnamaíocht Mheiriceá. Mar sin fhéin, tá roinnt cor diúltach a d’fhéadfadh teacht ar an scéal ar a bhfuil athruithe ag eascairt as fobairtí sa ráta malairte agus praghsanna luaineacha ola.

Tá cuma mhaith ar eacnamaíocht na hÉireann don tréimhse 2007-2009 i gcoitinne, le meánráta fáis de 4.7% tuartha i rith an ama seo (i dtéarmaí OTI agus OTN araon). Táthar ag tuar go mbeidh an fás fostaíochta ag 2.4% sa bhliain ar an meán i rith na tréimhse, agus go bhfanfaidh dífhostaíocht íseal go maith. Ba chóir go maolódh an ráta boilscithe i dtreo meánráta an euro i gcaitheamh an ama.

 

Coimriú ar an Dealramh Eacnamaíoch 2007

 

3. SEASAMH BUISÉADACH

Is í an staid thuartha bhuiséadach thar an tréimhse 2007-2009 ná go mbeidh barrachas buiséid Rialtais Ghinearálta de 1.2% de OTI in 2007, agus barrachas de 0.9% in 2008 agus de 0.6% in 2009. An comhardú buiséid, arna choigeartú go timthriallach, agus barrachas ann de 1.8% in 2007, de 1.7% in 2008 agus de 1.5% in 2009, glacann sé le tearmaí an Chonartha Cobhsaíochta agus Fáis, agus tá sé i gcomhréir le cuspóir meántéarma chun an buiséad a choimeád i ngar le comhardú. Coinneofar an coibhneas fiachas le OTI ar an dara ceann is ísle i gceantar an euro – ag laghdú go timpeall 22% thar an tréimhse atá i gceist. Meastar ag deireadh 2006 nach lú ná 10% de OTI margadhluach na sócmhainní atá i gCiste an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean.

4. CÁNACHAS ¹

Straitéis Chánach

Tá an Rialtas ag leanúint ar chóras cánach cothrom a chruthú ina spreagtar fás eacnamaíoch, ionas go gcinnteofar fás san fhostaíocht agus feabhsúcháin leanúnacha sna caighdeáin mhaireachtála do chách. Tagann sé seo le cuspóirí straitéis Liospóin i leith fáis agus jabanna.

Sna Buiséid le tamall anuas b’í an phríoracht bonn daingean a chur faoin timpeallacht a cruthaíodh in Éirinn le blianta beaga chun cabhrú leis an bhfostaíocht. Baineadh seo amach trí ualach cánach a choinneáil íseal, agus trí na hacmhainní a bhí ar fáil a dhíriú i dtreo na ndaoine a bhí chun deiridh ar an scála ioncaim. Mar shampla, chinntigh na bearta i mBuiséad 2006 gur fhan na daoine ar an íosphá as an eangach cánach ioncaim ar fad, nach mbeadh ar dhaoine ar an meanráta pá tionsclaíoch cáin a íoc ar an ardráta imeallach, agus go bhfaigheadh gach oibrí laghdú cánach i dtéarmaí réadacha ina n-ualach cánach.

Saothar a Chúiteamh

Tá rath eacnamaíoch na hÉireann á spreagadh ag diansaothar ár ndaoine. Le linn na ndeich mbliana seo caite cuireadh go mór le cumas eacnamaíoch na hÉireann trí mhórathrú a dhéanamh ar an gcóras cánach ioncaim, a mhéadaigh go suntasach an cúiteamh a bhí le fáil as saothrú. Mar gheall ar an neart leanúnach atá in eacnamaíocht na hÉireann is féidir na laghduithe cánach seo a leanas a chur i gcrích i mBuiséad 2007:

_________________________

1 Stádas na mBearta Cánachais

Maidir leis na bearta cánachais a rianaítear sa Ráiteas Airgeadais agus i ndoiciméid ghaolmhara agus nach gcuimsítear sna Rúin Airgeadais faoin Acht Sealadach um Bailiú Cánach 1927, tá sé tábhachtach a mheabhrú go dtugtar éifeacht reachtúil dóibh trí achtú an Bhille Airgeadais 2007 ag an Oireachtas. Is féidir go ndéanfar athruithe le linn an phróisis reachtaíochta seo. Is féidir leo tarlú freisin má bhíonn ceisteanna AE ann maidir le cúnamh Stáit agus go n-éilíonn an Coimisiún Eorpach na hathruithe seo sula dtugann sé a chead

Ag Tacú le Teaghlaigh Óga

Bearta Cánach Pearsanta Eile

Fiontraíocht a Chur Chun Cinn

Ag Tacú le Feirmeoireacht

Cánacha Indíreacha agus Cánacha Eile

_________________________________

² Tá de rogha ag cuideachtaí beaga a réamhcháin a íoc ag pé acu is ísle díobh seo a leanas - 90% de dhliteanas deiridh na tréimhse cuntais reatha nó ag 100% de dhliteanas deiridh na tréimhse cuntais roimhe sin.

5. AG TACÚ LE TEAGHLAIGH AGUS LEO SIÚD ATÁ I NGÁ

Is í bunfheidhm an Rialtais cosaint agus tacaíocht a thabhairt do earnálacha laga ár sochaí. Déantar é seo trí phacáiste leasa shóisialaigh de €1,406 milliún san iomlán a sholáthar i mbliain iomlán.

(Ó Eanáir 2007, mura ndeirtear a mhalairt)

Cúram do Dhaoine Níos Sine

Seirbhísí do Dhaoine le Míchumas

Seirbhísí Meabhairshláinte

Cúram Príomhúil

Cuimsiú Sóisialta

Liúntais Sláinte

6. CAITEACHAS CAIPITIL

Gluais Gaeilge Béarla – Giorrúcháin sa Téacs

Irish English Glossary of Abbreviations in the Text

AE Aontas Eorpach EU

ÁSPC Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta PRSI

CAI Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta IMF

CBL Cáin Bhreisluacha VAT

CCF Cáin Chlárúcháin Feithiclí VRT

CFC Cáin ar Fháltais Chaipiliúla CAT

CGC Cáin ar Ghnóthachain Chaipitiúla CGT

ECFE Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch OECD

GPL Gás Peitriliam Leachtach LPG

ÍMAT Íoc mar a Thuillir PAYE

OTI Olltáirgeacht Intíre GNP

SA Stáit Aontaithe US

SFG Scéim um Fhairsingiú Gnó BES