Home

Buiséad 2008

1. RÉAMHRÁ

Seo iad cuspóirí an Bhuiséid seo:

Tá gnéithe bunúsacha ár ngeilleagair fós ar fónamh, bhí roinnt blianta a bhí thar a bheith maith againn go dtí seo, agus tógfaidh Buiséad 2008 ar an mbonn seo ar bhealach inchothaithe. Is iad seo na príorachtaí a bheidh mar threoir sa chéad chéim eile maidir le polasaí eacnamaíoch na hÉireann ná táirgiúlacht, cothroime agus an comhshaol a threisiú. Is é cuspóir Bhuiséid 2008 tacú leo seo araon.

2. DEALRAMH EACNAMAÍOCH

Tá cosúlacht ann go mbeidh maolú ar ráta fáis gheilleagar na hÉireann an bhliain seo chugainn de bharr leibhéil níos ísle a bheith in ascur títhíochta nua. Táthar ag súil le maolú ar fhás na fostaíochta agus is cosúil go dtiocfaidh beagán de ardú ar an ráta dífhostaíochta. Dá thoradh seo ba cheart go laghdófar an brú ar phraghsanna agus tá meánráta boilscithe comhchuibhithe ag 2.4% tuartha don bhliain seo chugainn.

Dá dtiocfadh meath ar an dealramh seachtrach bheadh impleachtaí diúltacha aige sin d’eacnamaíocht na hÉireann. Sa chómhtheacs seo, tá sé soiléir go bhfuil na priacail mífhabhracha san eacnamaíocht idirnáisiúnta éirithe níos déine le roinnt mí anuas.


Dealramh Eacnamaíoch 2007

  • Fás Eacnamaíoch timpeall 3 %
  • Méadú de 24,000 san fhostaíocht
  • Dífhostaíocht ag 5.6%
  • Ráta boilscithe de 2.4% de réir leagan amach comhchuibhithe an AE
  • Caiteachas comhlán i leith seirbhísí poiblí ag €62 billiún
  • Easnamh Rialtais Ghinearálta ag -0.9% de OTI

3. SEASAMH BUISÉADACH

Is í an staid thuartha bhuiséadeach thar an tréimhse 2008-2010 ná go mbeidh easnamh buiséid Rialtais Ghinearálta de -0.9% de OTI i 2008 agus easnaimh de -1.1% i 2009 agus de -1.0% i 2010. I gcomhtheacs an chomhardaithe bhuiséid arna choigeartú go timthriallach (CBCT) tuartar easnamh beag de -0.3% de OTI i 2008. Sna blianta dár gcionn, dealraíonn an staid arna choigeartú go timthriallach go mbeidh easnaimh de -0.4% i 2009 agus -0.6% i 2010. Ach, má fhágtar an soláthar teagmhasach sna blianta níos déanaí ar lár, is 0% agus 0.2% a bheidh sa CBCT faoi seach. Thar an tréimhse tuartha coinneofar an coibhneas fiachais de OTI ar cheann de na coibhnis is ísle i gceantar an euro – ag timpeall 27½% ar a mheán. Ag deireadh Mheán Fómhair 2007 sheas margadhluach shócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean ag timpeall 11% de OTI.

4. CÁNACHAS ¹

Straitéis Chánach

B’é an tosaíocht sna Buiséid le blianta beaga ná an timpeallacht a bhí garach don fhostaíocht a dhaingniú in Éirinn. Baineadh é sin amach trí ualach cánach íseal a chothú agus trí na hacmhainní a bhí ar fáil a dhíriú i dtreo daoine ar na hioncaim ba ísle. Mar shampla, bhí daoine ar an íosphá saor ó cháin ioncaim ar fad. Daoine ar an meánphá tionsclaíoch, leanann siad orthu ag íoc cáin ar an ráta caighdeánach, agus fuair gach oibrí laghdú iarbhír ar a n-ualach cánach.

Athrú Aeráide agus Cúrsaí Comhshaoil

Ag Tacú le Feirmeoirí agus an Eacnamaíocht Tuaithe

¹Stádas na mBearta Cánachais

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugtar éifeacht reachtach, go ginearálta, trí achtú an Bhille Airgeadais 2008 ag an Oireachtas do na bearta cánachais a imlínítear sa Ráiteas Airgeadais agus sna doiciméid ghaolmhara agus nach gcuimsítear sna Rúin Airgeadais faoin Acht um Bailiú Sealadach Cánach 1927. B’fhéidir go dtarlódh athruithe le linn an phróisís reachtaigh seo. Tharlóidís freisin, b’fhéidir, má éiríonn ceisteanna maidir le cúnamh Stáit AE agus go n-éilíonn an Coimisiún Eorpach go ndéanfar na hathruithe seo sula gcéadaíonn sé iad.

Ag cosaint Daoine Inleonta

Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht

Saothar a Chúiteamh

Tá na laghduithe cánach seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

Ag Cuidiú le Gnólachtaí – Bearta Cánach

Ag Tacú le hÚinéireacht Tithe Cónaithe

Beidh éifeacht ag an athrú seo maidir le hionstraimí nach mór a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim i gcóir stampála lá nach déanaí ná 5 Nollaig 2007. Mar sin bainfidh Ionstraimí a fheidhmítear ins na 30 lá roimh 5 Nollaig 2007 tairbhe as an athrú seo.

Bearta Cánach eile

__________________________________________________________

² Leanfar ar aghaidh leis na díolúintí reatha do chéadcheannaitheoirí agus do cheannaitheoirí tithe cónaithe nua araon.

5. Caiteachas

Infheistíocht don Todhchaí

Plean Forbartha Náisiúnta

Déanann an Creat Infheistíochta Caipitil Ilbhliantúil soláthar don chaiteachas caipitil a choinneáil ag timpeall 6% ar an meán de OTN, le caitheamh carnach caipitil thar an tréimhse os cionn €56 billiún (maoineofar beagnach €47 billiún de seo as an Státchiste agus os cionn €9 billiún as CPP). Éascóidh an tiomantas leanúnach seo i leith infheistíocht caipitil thar an meántéarma an céimsheoladh leanúnach den Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 chun tabhairt faoi easnamh bhonneagar na hÉireann agus chun géilleagar iomaíoch borrach a chur chun cinn.

Iompar

Caithfear €2.7 billiún i 2008 as an Státchiste ar Iompar i 2008. Is breis de €349 milliún é seo ar an leithdháileadh réamh-Bhuiséid.

Bonneagar Seirbhísí Uisce

Oideachas

Is é €9,326 milliún an caiteachas iomlán Státchiste ar Oideachas i 2008. Is méadú de €218 milliún é seo i gcomparáid leis an leithdháileadh Réamh-Bhuiséid. Caithfear an leithdháileadh breise seo mar aon le roinnt sábhailteachtaí i réimhsí eile mar a leanas:

Feabhsuithe eile Bonneagair/Seirbhíse

Athrú Aeráide agus Cúrsaí Comhshaoil

Tuarascáil Charbóin

Soláthraíonn an Buiséad tuarascáil ar astuithe Carbóin agus athrú aeráide agus ar bhearta atá á bhfógairt chun dul i ngleic leo seo ar nós CCF ar charanna a bheidh le bunú ar astuithe CO2

Cáin Mhótair

Méadófar rátaí Cánach Mótair ar meán de 9.5% ó 1 Feabhra 2008. Níor méadaíodh an cháin seo ó 2003 agus sa tréimhse seo méadaíodh an boilsciú de 15.3%. Fógróidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tionscnamh a bheidh i gcomhréir leis an gcóras nua CCF a nascfaidh cáin mhótair le hastuithe CO2 i leith carranna nua ó 1 Iúil 2008.

Caiteachas Breise ar Chaomhnú Fuinnimh agus Taighde

Ag tacú le Feirmeoireacht agus an Eacnamaíocht Tuaithe

Iascach

Daoine Inleonta a chosaint

Leas Sóisialach

Is í bunfheidhm an Rialtais cosaint agus tacaíocht a thabhairt do earnálacha laga ár sochaí. Déantar é seo tré fheabhsaithe a sholáthar sa phacáiste Leasa Shóisialaigh arbh fhiú €900 milliún san iomlán i mbliain iomlán, (nó €980 milliún ar a n-áiritear feabhsaithe in íocaíochtaí Luathchúram Leanaí agus méadaithe Soisialacha i réimsí eile).

(Ó Eanáir 2008, mura ndeirtear a mhalairt)

Sláinte

Caithfear €16,156 milliún san iomlán as an Státchiste ar Shláinte in 2008. Is méadú é seo de thimpeall €374 milliún ar na meastacháin réamh-Bhuiséid. Is iad na feabhsuithe bith-thábhachta a thiocfadh as na hacmhainní breise seo sa bhliain 2008 agus amach ná:

Inchailitheacht le haghaidh Cárta Leighis

Is tosaíocht don Rialtas seo cártaí leighis do theaghlaigh inleonta. Faoi láthair tá an Roinn Sláinte i mbun próisis bhailithe sonraí agus athbhreithnithe maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh cártaí leighis. Táthar ag súil lena chríochnú faoi Fhómhar na bliana seo chugainn.

Drugaí

Cúnamh Forbartha

Tithíocht

Tá timpeall €1.7 billiún sa phacáiste iomlán tithíochta in 2008. Éascóidh sé na tiomantais ardaidhmeannacha atá in I dTreo 1916. Ar chomhchodanna suntasacha den phacáiste iomlán seo tá:

Caiteachas Eile

Saothar a Chúiteamh

Nuálaíocht agus Fiontar

Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht

Bearta Eile Buiséid

Críoch

5 Nollaig 2007

Tá breis eolais ar chuile cheann de na beartais seo ar fáil ag www.budget.gov.ie

Gluais Gaeilge Béarla – Giorrúcháin sa Téacs

Irish English Glossary of Abbreviations in the Text

AE   Aontas Eorpach        EU

ÁSPC   Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta    PRSI

CAI   Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta      IMF

CBCT  Comhardú Buiséid arna Choigeartú go Timthriallach  CABB

CBL   Cáin Bhreisluacha        VAT

CCF   Cáin Chlárúcháin Feithiclí       VRT

CFC  Cáin ar Fháltais Chaipitiúla     CAT

CGC   Cáin ar Ghnóthachain Chaipitiúla      CGT

ECFE   Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch  OECD

ÍMAT    Íoc mar a Thuillir       PAYE

NA   Náisiún Aontaithe       UN

OOP   Oifig na nOibreacha Poiblí     OPW

     

OTI   Olltáirgeacht Intíre       GNP

OTN   Olltáirgeacht Náisiúnta      GNP

SA   Stáit Aontaithe       US

SFG  Scéim um Fhairsingiú Gnó     BES

UAC  Uasliúntas do Aoisigh Cháilithe     QAA

 - 1 -