|
Buiséad 2002 Cuspóirí Buiséadacha
Chun ár bhfostuchtúr a fhorbairt
Chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus comhionannas a chur chun cinn
Chun fiontraíocht agus infheistíocht a spreagadh agus
Chun é sin a dhéanamh ar bhonn a chothaíonn an beartas fioscach
Déanann an Buiséad:
- Na daoine ar lagchuidiú sa phobal a chosaint
- Ár riachtanais a chur in ord tosaíochta agus
- Leanúint den infheistíocht le haghaidh na todhchaí
Coimriú ar an Staid Eacnamaíoch Amach Romhainn
Fás eacnamaíoch (OTI) de réir 3.9% an bhliain seo chugainn
Méadú bliantúil san fhostaíocht de réir 1.5% nó mar sin go dtí 2004
Titim sa bhoilsciú an bhliain seo chugainn go dtí 4.2% agus go dtí 2¼ faoi 2004
Barrachas sa Státchiste agus Barrachas Rialtais Ginearálta sa bhliain 2002
Méadú de 10½% sa ghlanchaiteachas reatha agus sa ghlanchaiteachas caipitiúil sa
bhliain 2002
Bearta Cánachais a bhaineann le Tithíocht agus le Nithe Eile
Faoiseamh úis ar mhaoin chónaithe ar cíos ar fáil arís, agus laghdú ar dhleacht
stampála d'infheisteoirí
Síneadh de dhá bhliain ar na spriocdhátaí le haghaidh Scéimeanna Athnuachana Uirbí
agus Tuaithe, Tithíochta do Mhic Léinn, Páirceála agus Marcaíochta,
agus Carrchlós Ilstórach
Faoiseamh cánach ar thabhartais d'Eagrais Spóirt le haghaidh tionscadal caipitiúil
Leanaí
Íocaíochtaí míosúla le haghaidh Sochair Linbh lena méadú de £25 (1ú
agus 2ú leanbh) go dtí £92.62 sa mhí agus £30 (3ú leanbh agus
leanaí ina dhiaidh) go dtí £116 ó Aibreán 2002
Ón bhliain seo chugainn, beidh teaghlach ina bhfuil 4 leanbh ag fáil breis agus £417
sa mhí mar Shochar linbh
Méadú ar Liúntas le haghaidh Éadaigh agus Coisbhirt chun dul ar ais ar Scoil
do leanaí in aois 12 agus os a chionn go dtí suim níos mó ná £94 ó Mheitheamh
2002.
Caiteachas Caipitiúil
- €550 milliún le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar a mbeidh
- €146 milliún le haghaidh tithíochta údaráis áitiúil agus
sóisialta
- €100 milliún le haghaidh feabhsú bóithre
- €44 milliún le haghaidh forbairt iompair phoiblí
- €55 milliún le haghaidh foirgneamh scoile den dara agus den
tríú leibhéal
- €45 milliún le haghaidh Sláinte agus Leanaí
Bearta um Chánachas Pearsanta
·€634 milliún de laghduithe cánach pearsanta
Méadú de $123 ar an mbunchreidmheas cánach pearsanta go dtí €1,520
Méadú de €152 ar chreidmheas cánach IMAT go dtí €660
Faoiseamh Cánach ag díriú ar chabhrú le daoine ar ísealphá
An pointe iontrála ar an gcóras cánach a ardú ó €183 (£144) faoi láthair
go dtí €209 (£165) i.e. 90% den íosphá reatha
Méadú de bhreis agus 20% ar na teorainneacha díolúine ó Cháin Ioncaim do dhaoine
in aois 65 agus os a chionn, go dtí €13,000 duine singil nó baintreach (fir)/ €26,000
daoine pósta
Bandaí na rátaí cánach caighdeánacha singile a leathnú tuilleadh de
€2,605 go dtí €28,000
79,000 saothraí ar ioncam íseal a bhaint as scóip na cánach agus 57,000 a
bhaintdenan ardráta cánach
Méaduithe i gcreidmheasa do leanaí míchumasaithe, do na daill, agus do bhaintreacha
(fir)
Méadú substaintiúil ar an liúntas cánach chun feighlí a fhostú
Caiteachas Reatha
- €1.68 billiún de chaiteachas comhlán reatha ar a bhfuil:
- €970 milliún le haghaidh Leasa Shóisialaigh
- €385 milliún le haghaidh Sláinte agus Leanaí
Bearta Leasa Shóisialaigh
Ardú de £10 sa tseachtain ar a laghad sna huasrátaí pearsanta seachtainiúla
le haghaidh pinsean seanaoise agus pinsean gaolmhar ó Eanáir
2002
Méadú de £12 sa tseachtain sa Phinsean Baintrí (Fir) (Ranníocach)
do dhaoine ar an ráta don aois os cionn 66
Méadú de £8 ar a laghad sa tseachtain ar an uasráta pearsanta seachtainiúil
d'fhaighteoirí faoi 66
Méadú os cionn £9.50 sa tseachtain ar Chúnamh Dífhostaíochta agus Liúntas
Leasa Forlíontach gearrthéarmach ó Eanáir 2002
Méadú idir £8 - £10 sa tseachtain ar íocaíochtaí i leith Liúntais Aosaigh
Choinníollaigh ó Eanáir 2002
Méadú ar thairsigh ioncaim le haghaidh Tacaíochta Ioncaim Teaghlaigh
Dúbailt beagnach ar an Deontas do Thuismitheoir atá ina b(h)aintreach (fir)
go dtí suim atá díreach faoi £1,970 ó 5 Nollaig
Méadú de £2.09 ar liúntas na Scéime Breosla Náisiúnta go dtí suim atá os cionn
£7 sa tseachtain ó Eanáir 2002
Tuilleadh méadaithe sa neamhshuim ioncaim i gcás tástála ioncaim le haghaidh an
Liúntais Fheighlí ó Aibreán 2002
Méadú ar an íocaíocht bhliantúil le haghaidh cúraim shosa go dtí £500
Méadú de 20% ar líon na n-aonad saor atá le fáil faoin Liúntas Saorleictreachais
Maolú ar na critéir cháilithe le haghaidh an Liúntais Shaortheileafóin
Éifeacht Pas Compánaigh Shaorthaistil a leathnú chun pinsinéirí easláinte a chlúdach
ó Bhealtaine 2002
Bearta um Chánachas Gnó
- Laghdú ar ardráta ASPC (PRSI) Fostóirí ó 12% go
dtí 10¾% ó 1 Márta 2002
- Titfidh an ráta caighdeánach den cháin chorparáide ar bhrabúis
thrádála go dtí 16% ó 1 Eanáir 2002
- I rith na gcúig bliana seo chugainn bogfaidh íocaíochtaí
Cánach Corparáide go bonn bliana reatha
- Feabhas ar fhorálacha faoisimh do chuideachtaí i leith caillteanais
ar a n-ioncam trádála agus neamhthrádála
- Méadú agus síneadh go deireadh 2003 ar na faoisimh faoin
Scéim Fhorbartha Gnó agus faoin Scéim Shíolchurtha Caipitil
- Réim Chánach Tonnáiste speisialta don earnáil loingseoireachta
- Bearta cánach chun cuidiú le feirmeoirí stoc nua a fháil
tar éis an Ghalair Chrúb is Béil
Cánachas Indíreach
- Méadú sa ráta caighdeánach CBL (VAT) de 1% go dtí
21% ó 1 Márta 2002
- Méadú ar dhleacht mháil ar pheitreal agus dhíosal de 5p an
líotar (agus CBL san áireamh) ó mheán oíche 5 Nollaig
- Meadú ar dhleacht mháil ar thoitíní de 10p ar phacáiste 20
toitíní (agus CBL san áireamh) ó mheán oíche 5 Nollaig
- Méadú ar dhleacht mháil ar cheirtlis go dtí an leibhéal céanna
is atá ar bheoir
- Gearradh ar an gcáin gheallghlacadóireachta ó 5% go dtí
2% ó 1 Bealtaine 2002
|