|
Coimriú
Cuspóirí Buiséadacha
Tá trí chuspóir bharrthábhachtacha ag an mBuiséad seo:
Na codanna is laige den phobal a chosaint
Infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí, lenár n-oiriúnú le haghaidh leibhéal fáis
níos fearr amach anseo, agus
Cobhsaíocht san airgeadas poiblí a dhaingniú chun an dul chun cinn atá bainte amach
againn cheana a chaomhnú.
|
Coimriú ar an Dealramh Eacnamaíoch
Fás eacnamaíoch (Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN)) de réir 3½% an bhliain seo
chugainnn
Méadú de 11,000 nó mar sin san fhostaíocht
Dífhostaíocht ag ráta 5¼% ar an meán
An boilsciú go cobhsaí ag 4.8% agus é ag titim go suntasach faoi 2005
Méadú de 5.7% sa chaiteachas comhlán, go dtí €38 billiún in 2003
Iasacht Státchiste de €1.87 billiún in 2003
A Cóimheas fiachais de réir 34%den OTN, an dara ceann ísle san Aontas Eorpach
|
Bearta um Chánachas Pearsanta
- Laghduithe cánach pearsanta de €186 million i mbliain iomlán.
- Méadú i gcreidmheas cánach fostaí (ÍMAT) de €140 go dtí €800 sa
bhliain
- Eardú sa phointe iontrála ar an gcóras cánach ó €209 go dtí
€223 sa tseachtain (90% den íosphá)
- Teorainneacha díolúine ó Cháin Ioncaim do dhaoine os cionn 65 bliana
méadaithe de bhreis agus 15% go dtí €15,000 i gcás duine shingil agus go
dtí €30,000 i gcás lánúine pósta
- Faoiseamh ó Ús Morgáiste do Cheannaitheoirí Chéad Uaire méadaithe
de 25% go dtí €4,000 sa bhliain do dhuine singil agus go dtí €8,000
sa bhliain do dhaoine pósta/bhaintreacha (fir). Síneadh sa tréimhse faoisimh
ó chúig bliana go dtí seacht mbliana. Gnóthóidh 45,000 ceannaitheoirí
chéad uaire tairbhe.
- Tógfar 37,400 cáiníocóirí as an líon cánach in 2003; tá níos
mó ná trian díobh 65 bliana d’aois nó os a chionn
Cánachas Indíreach
Ó mheán oíche 4 Nollaig:
- Dleacht mháil ar 20 toitín ardaithe de 50c (CBL san áireamh)
- Dleacht mháil ar bhiotáille ardaithe de 20c an miosúr caighdeánach (CBL
san áireamh)
- Dleacht mháil ar ‘alcopops’ le bonn biotáille ardaithe de 35c an buidéal
(CBL san áireamh incl. VAT)
- Dleacht mháil ar dhíosal gluaisteáin ardaithe de 3c an líotar (CBL san
áireamh)
Ó 1 Eanáir 2003
- An ráta CBL de 12½% ardaithe de 1% go dtí 13½%
- Táille Chlárúcháin Feithiclí méadaithe i gcás carranna móra áirithe
Bearta um Chánachas Gnó
- Titfidh an ráta caighdeánach cánach corparáide ar bhrabús trádála go dtí 12½%
ó 1 Eanáir 2003
- Tobhach ar Institiúidí Airgeadais le €100 million
a ghnóthú in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2003-2005
- An dáta 31 Nollaig 2004 socraithe mar an dáta cinnidh deiridh i gcás réimse scéimeanna
dreasachta cánach
- Díscríobh liúntas caipitil i leith gléasra, innealra & feithiclí le síneadh
thar 8 mbliana in áit 5 bliana
- Srianadh ar liúntais chaipitil i leith óstlann agus deireadh le liúntais i leith
teachíní saoire
- Críoch le dídeana agus le poill éalaithe cánach le sábháil airgid suas go dtí
€10 milliún sa bhliain thar thréimhse 5-8 mbliana

Dleachtanna Stampála
- Méadú sna rátaí stampála ar mhaoin neamhchónaitheach de réir luacha
- Méadú sna rátaí stampála:
- ar sheiceanna ó 8 to 15 ceint ar gach seic
- ar chártaí creidmheasa ó €19 go dtí €40 sa bhliain
- ar chártaí ATM ó €6.25 go dtí €10 sa bhliain
Dleacht stampála nua de €10 sa bhliain ar chártaí léasair
Síneadh de 3 bliana sa tréimhse dhíolúine ó cháin stampála do fheirmeoirí traenáilte
óga
Cáin ar Ghnóthachain Chaipitiúla (CGC)
Íocaíocht níos luaithe de Cháin Ghnóthachain Chaipitiúla le €250 milliún a shaothrú
in 2003
Críoch le faoiseamh rollta ar aghaidh (roll-over) agus ciorrú ar fhaoiseamh
innéacsaithe i leith cánach ar ghnóthachain chaipitiúla, bearta a shaothróidh, meastar,
€100 milliún i mbliain iomlán.
Bealach éalaithe CGC a dhúnadh chun an bonn ioncaim a chosaint
Caiteachas Caipitil
€209 milliún sa bhreis in 2003 le haghaidh tógáil Bóithre Náisiúnta,
le caiteachasiomlán ar bhóithre an bhliain seo chugainn de €1.25 billiún
Leas Sóisialach
- Uasrátaí pinsean seanaoise agus pinsean gaolmhar méadaithe de €10
in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2003
- An ráta do dhaoine os cionn 66 i leith Pinsean (Ranníocaíoch) Baintreach (Fir)
agus Sochar Banchéile Thréigthe méadaithe de €11 sa tseachtain
- An t-uasráta pearsanta seachtainiúil le haghaidh daoine faoi 66 bliana a fhaigheann
sochar méadaithe de €7 sa tseachtain
- Gach ráta pearsanta eile méadaithe de €6 sa tseachtain
- Íocaíochtaí Liúntais Aosaigh Choinníollaigh méadaithe de €4 ar a laghad
sa tseachtain
- Na tairsigh ioncaim i leith Forlíonaidh Ioncaim méadaithe de €17
sa tseachtain
- An neamhaird ar thástáil acmhainne i gcás Liúntais Chúramóirí méadaithe
ó Aibreán 2003
- Méadú go dtí €735 sa Deontas Sosa bliantúil do Chúramóirí
ó Mheitheamh 2003
- Dúbailt sa Deontas um Áis Éisteachta go dtí €700
Leanaí
sSochar Linbh le méadú de €8 (1ú agus 2ú leanbh) go
dtí €125.60 sa mhí agus de €10 (3ú leanbh agus breis) go dtí €157.30
ó Aibreán 2003
- Liúntas Éadaigh agus Cosbhirt chun Dul ar Ais ar Scoil i
gcomhair leanaí 12 bhlian d’aois agus níos mó méadaithe de €30 go ddtí €150, ó Mheitheamh
2003
- Maoiniú breise don Chlár Béilí Scoile reatha
|