|
Buiséad 2004
Cuspóirí Buiséadacha
Tá ceithre mhórchuspóir sa bhuiséad seo:
• Fostaíocht agus fás a fhorbairt
• Leanúint le cur chuige stuama i leith ár maoiniú poiblí
• Infheistíocht bhreise a dhéanamh inár bhfostruchtúr
• Ár gcumas iomaíochta a chinntíu trí bhoilsciú íseal
chun na hacmhainní is gá a sholáthar le cuimsiú sóisialta a chinntiú
Coimriú ar an Staid Eacnamaíoch agus Buiséadach 2004
• Fás eacnamaíoch de réir breis agus 3%
• Meadú de 23,000 san fhostaíocht
• Dífhostaíocht coinnithe ag 5% ar an meán
• Titim sa bhoilsciú go 2½%
• Méadú díreach faoi bhun 7% ar chaiteachas comhlán go €41.1 billiún
• Iasachtaí Státchiste de €2.8 billiún
• Easnamh Ginearálta Rialtais ag 1.1% den OTI
Bearta um Chánachas Pearsanta
• €300 milliún de laghduithe cánach
• Méadú de €240 go €1040 in aghaidh na bliana sa chreidmheas cánach IMAT don fhostaí
• Fanfaidh 90% den íosphá taobh amuigh de scóip na cánach
• Méadú de €500 go €15,500 do dhuine singil agus de €1000 go €31,000 do dhuine pósta
sa bhliain sna teorainneacha díolúine ó chain ioncaim do daoine in aois 65 agus
os a chionn
• Bainfear breis agus 41,000 íocoírí cánach as scóip na cánach an bhliain seo chugainn
• Liúntas cánach i leith síntiús ceardchumann ardaithe go €200 in aghaidh na bliana
Faoisimh ó Cháin
• Leanfar den Scéim Fairsingiú Gnó agus den Scéim Síol Caipitil go dtí 31 Nollaig
2006. Méadófar an teorainn do Chuideachtaí go €1 milliún
• Sínfear Faoiseamh Scannán ó dheireadh 2004 go dtí deireadh 2006. Méadófar ó 1
Eanáir 2005 an t-uasmhéid (in aghaidh an scannáin) de mhaoiniú atá i dteideal faoisimh
cánach ó €10.48 milliún go €15 milliún
• Creidmheas Cánach nua do Thaighde agus Forbairt i gcuideachtaí chun postanna níos
luachmhaire a spreagadh
• Faoiseamh Cánach nua do Chuideachtaí Sealbhaíochta chun ceannoifigí agus postanna
a mhealladh anseo
• Sínfear an Faoiseamh Cánach do Fhuinneamh In-athnuaite go dtí 2006
• Sínfear Scéim Athnuachana Uirbeach agus Scéimeanna eile ó 31 Nollaig 2004 go dtí
31 Iúil 2006
Cáin Indíreach
Ó mheán oíche 3 Nollaig:
• Méadú de 25c ar 20 toitín (CBL san áireamh)
• Dleacht ar pheitreal agus díosal gluaisteáin ardaithe de 5c an líotar (CBL san
áireamh)
Gnéithe Tuaithe
• Méadú sa liúntas díolúine cánach bliantúil i leith talamh feirme ar léas - €7,500
do léasanna ar feadh tréimhse 5-7 mbliana agus €10,000 do léasanna 7 mbliana nó
os a chionn. Tá an teorainn aoise laghdaithe ó 55 bl. go 40 bl.
• Ráta comhréidh CBL d'fheirmeoirí ardaithe go 4.4%
• Ioncam ó scéim (mná tí) na gColáistí Samhraidh Gaeltachta díolmhaithe ó cháin
• Sínfear an liúntas caipitiúil i leith smachta ar thruailliú feirme ar feadh 3
bliana eile
• Scéim nua Shóisialta Tuaithe chun suas le 2500 áit a sholáthar ar scéimeanna fostaíochta
pobail
Dílárú
• Mórschlár díláraithe do Ranna agus Oifigí Rialtais
• Breis agus 10,000 post do 53 ionad i 25 contae
• Soláthar caipitil de €20 milliún mar infheistíocht thosaigh
• Aistriú foirne ar bhonn deonach
Leas Sóisialach
(Ó Eanáir 2004, ach amháin má deirtear a mhalairt)
• Méadú € 630 milliún sa bhliain iomlán i Leas Sóisialach mar a leanas:
• Méaduithe i rátaí go mór os cionn an ráta bhoilscithe
• Méadú de €10 sa tseachtain sna huasrátaí Pinsin Seanaoise agus pinsean gaolmhar.
• Méadú de €11.50 sa tseachtain sa Phinsean Ranníocach Baintrí (Fir) agus sa Phinsean
Mná Céile Tréigthe do dhaoine os cionn 66
• Méadú de €10 sa tseachtain sna rátaí pearsanta seachtainiúla eile go léir.
• Méadú Speisialta de €16.10 sa ráta Liúntais do Phinsean Míchumais do Dhuine Fásta
Cáilithe nuair atá an duine cáilithe 66 bliana nó os a chionn
• Méadú de €6 i Sochar Linbh (an 1ú agus an 2ú leanbh) go €131.60 sa mhí agus méadú
de €8 (an 3ú leanbh agus níos mó) go €165.30 ó Aibreán 2004
• Méadú de €28 sa tseachtain sna Tairsigh ioncaim don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
agus méadú de €7 san íocaíocht is lú
• Méadú go €835 sa bhliain sa Deontas um Fhaoiseamh Cúraim ó Mheitheamh 2004
• Méadú go €2700 sa Deontas do Thuismitheoir atá ina b(h)aintreach (fir) ó lá an
Bhuiséid
Míchumais
Tá €25 milliún breise á chur ar fáil chun cabhrú le daoine le míchumais intleachtúla,
coirp nó céadfaíocha
Leasú ar Phinsin Seirbhíse Poiblí
I gcás iontrálaithe nua, tá an Rialtas ag tabhairt isteach na bearta seo a leanas:
• Ardú go 65 bliana san aois is lú le haghaidh pinsin don chuid is mó de na hiontrálaithe
nua ó Aibreán 2004.
• An aois is lú le haghaidh pinsin i gcás catagóirí áirithe (Gardaí, Oifigigh Phríosúin)
le hardú go 55 bliana, agus i gcás na bhForsaí Cosanta go 50 bliain
• An aois is lú le haghaidh pinsin ardaithe go 65 bliana i gcás baill den Oireachtas
agus Sealbhóirí Oifige a thoghadh nó a cheapadh ar 1 Aibreán 2004 nó ina dhiaidh
sin
• Cealófar an aois pinsin éigeantach de 65 i gcás iontrálaithe nua, ag ligean do
bhaill foirne fanacht ag obair más mian leo
I gcás seirbhísigh phoiblí reatha:
• Socruithe nua comhtháthaithe le Leas Sóisialach chun cuidiú le seirbhísigh phoiblí
ar ioncam íseal
• Cuirfear tús le scéim aonair de chineál Scéim Ranníocach Deonach Breise
Caiteachas Caipitiúil
• Beartáin rolltacha 5 bliana don infheistíocht chaipitiúil go léir. Tiomantas don
infheistíocht chaipitiúil a choinneáil suas go 5 faoin gcéad den OTN le linn na
5 mbliana seo romhainn
• €30m breise le haghaidh oibreacha Tógála Scoile
Airgeadas Rialtais Áitiúil
Soláthar breise aon uaire de €30m in 2004 do ranníocaíocht an Státchiste leis an
gCiste Rialtais Áitiúil
|