|
Buiséad 2008
1. RÉAMHRÁ
Seo iad cuspóirí an Bhuiséid seo:
- Infheistíocht sa todhchaí;
- An Comhshaol a chur chun cinn;
- Daoine Inleonta a chosaint;
- Nuálaíocht agus Fiontar a chothú;
Tá gnéithe bunúsacha ár ngeilleagair fós ar fónamh, bhí roinnt blianta a bhí thar
a bheith maith againn go dtí seo, agus tógfaidh Buiséad 2008 ar an mbonn seo ar
bhealach inchothaithe. Is iad seo na príorachtaí a bheidh mar threoir sa chéad chéim
eile maidir le polasaí eacnamaíoch na hÉireann ná táirgiúlacht, cothroime agus an
comhshaol a threisiú. Is é cuspóir Bhuiséid 2008 tacú leo seo araon.
2. DEALRAMH EACNAMAÍOCH
Tá cosúlacht ann go mbeidh maolú ar ráta fáis gheilleagar na hÉireann an bhliain
seo chugainn de bharr leibhéil níos ísle a bheith in ascur títhíochta nua. Táthar
ag súil le maolú ar fhás na fostaíochta agus is cosúil go dtiocfaidh beagán de ardú
ar an ráta dífhostaíochta. Dá thoradh seo ba cheart go laghdófar an brú ar phraghsanna
agus tá meánráta boilscithe comhchuibhithe ag 2.4% tuartha don bhliain seo chugainn.
Dá dtiocfadh meath ar an dealramh seachtrach bheadh impleachtaí diúltacha aige sin
d’eacnamaíocht na hÉireann. Sa chómhtheacs seo, tá sé soiléir go bhfuil na priacail
mífhabhracha san eacnamaíocht idirnáisiúnta éirithe níos déine le roinnt mí anuas.
|
|
Dealramh Eacnamaíoch 2007
- Fás Eacnamaíoch timpeall 3 %
- Méadú de 24,000 san fhostaíocht
- Ráta boilscithe de 2.4% de réir leagan amach comhchuibhithe an AE
- Caiteachas comhlán i leith seirbhísí poiblí ag €62 billiún
- Easnamh Rialtais Ghinearálta ag -0.9% de OTI
|
3. SEASAMH BUISÉADACH
Is í an staid thuartha bhuiséadeach thar an tréimhse 2008-2010 ná go mbeidh easnamh
buiséid Rialtais Ghinearálta de -0.9% de OTI i 2008 agus easnaimh de -1.1% i 2009
agus de -1.0% i 2010. I gcomhtheacs an chomhardaithe bhuiséid arna choigeartú go
timthriallach (CBCT) tuartar easnamh beag de -0.3% de OTI i 2008. Sna blianta dár
gcionn, dealraíonn an staid arna choigeartú go timthriallach go mbeidh easnaimh
de -0.4% i 2009 agus -0.6% i 2010. Ach, má fhágtar an soláthar teagmhasach sna blianta
níos déanaí ar lár, is 0% agus 0.2% a bheidh sa CBCT faoi seach. Thar an tréimhse
tuartha coinneofar an coibhneas fiachais de OTI ar cheann de na coibhnis is ísle
i gceantar an euro – ag timpeall 27½% ar a mheán. Ag deireadh Mheán Fómhair 2007
sheas margadhluach shócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean ag timpeall 11% de
OTI.
4. CÁNACHAS ¹
Straitéis Chánach
B’é an tosaíocht sna Buiséid le blianta beaga ná an timpeallacht a bhí garach don
fhostaíocht a dhaingniú in Éirinn. Baineadh é sin amach trí ualach cánach íseal
a chothú agus trí na hacmhainní a bhí ar fáil a dhíriú i dtreo daoine ar na hioncaim
ba ísle. Mar shampla, bhí daoine ar an íosphá saor ó cháin ioncaim ar fad. Daoine
ar an meánphá tionsclaíoch, leanann siad orthu ag íoc cáin ar an ráta caighdeánach,
agus fuair gach oibrí laghdú iarbhír ar a n-ualach cánach.
Athrú Aeráide agus Cúrsaí Comhshaoil
- An cháin cláraithe feithiclí (CCF) a athchothromú chun aird níos mó a thabhairt
ar leibhéil astaíochta CO2.
- Síniú ar fhaoiseamh CCF i gcomhair feithiclí Hibrid-Leictreacha agus Breosla Inathraithe
ar feadh 6 mhí breise go dtí 30ú Meitheamh 2008, agus ina dhiaidh tabharfar faoiseamh
chomh hard le €2,500 do feithiclí dá leithéidí in aghaidh a CCF.
- Díolúine ó CCF do Charanna Leictreacha
- CBL ar ionchurthaí talmhaíochta áirithe a úsáidtear chun bith-bhreosla a tháirgeadh
a laghdú ó 21% go 13.5%.
- Is féidir le cuideachtaí athchúrsála úsáid a bhaint as an Scéim Leathnaithe Gnó
má tá siad dearbhaithe ag gníomhaireacht forbartha tionscail.
Ag Tacú le Feirmeoirí agus an Eacnamaíocht Tuaithe
- Faoiseamh nua go ceann 5 bliana a thabhairt isteach maidir le Scaoileadh Comhpháirtíochtaí
Feirme.
- Is feidir le feirmeoirí a fhaigheann an Pacáiste Cúitimh um Biatas Siúcra (comhchuid
an Chúnaimh éagsúlaithe) na híocaíochtaí sin a leathnú thar thréimhse sé bliana
chun ioncam inchánaithe a mheas.
- Tabharfar isteach faoiseamh cánach maidir le díchoimisiniú Soithigh Iascaigh sa
Bhille Airgeadais 2008 chun cabhrú leis an scéim díchoimisinithe.
¹Stádas na mBearta Cánachais
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugtar éifeacht reachtach, go ginearálta,
trí achtú an Bhille Airgeadais 2008 ag an Oireachtas do na bearta cánachais a imlínítear
sa Ráiteas Airgeadais agus sna doiciméid ghaolmhara agus nach gcuimsítear sna Rúin
Airgeadais faoin Acht um Bailiú Sealadach Cánach 1927. B’fhéidir go dtarlódh athruithe
le linn an phróisís reachtaigh seo. Tharlóidís freisin, b’fhéidir, má éiríonn ceisteanna
maidir le cúnamh Stáit AE agus go n-éilíonn an Coimisiún Eorpach go ndéanfar na
hathruithe seo sula gcéadaíonn sé iad.
Ag cosaint Daoine Inleonta
- Méadú de shuimeanna ó 4% go 22% ar fhaoiseamh cánach do bhaintreacha, na daill agus
daoine a thugann cúram do leanbh éagumasaithe.
- Méadú de 17% go €900 ar Chreidmheas Cánach do Chúramóirí Baile.
- Tá an dleacht cánach ar bhosca de 20 toitín á mhéadú de 30 ceint (CBL san áireamh)
le méadú pro-rata ar tháirgí eile tobac, le héifeacht ó mheánoíche 5 Nollaig 2007.
Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht
- Ar feadh 4 bliana eile go dtí 2013, socrófar gurb é 2003 an bhonnbhliain chaiteachais
a ndéanfar caiteachas cáilitheach breisíochta ar thaighde agus forbairt (T&F)
a thomhas ina leith.
Saothar a Chúiteamh
Tá na laghduithe cánach seo a leanas á gcur i bhfeidhm:
- Creidmheasanna pearsanta á méadú de €70 singil/€140 pósta go €1,830 singil/€3,660
pósta.
- Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) á mhéadú de €70 go €1,830.
- Na Bandaí Ráta Caighdeánaigh a leathnú go:
- €35,400 Singil (ó €34,000)
- €44,400 Pósta, Ioncam amháin (ó €43,000)
- €70,800 Pósta, Dhá Ioncam (ó €68,000)
- Teorainneacha ar dhíolúintí aoise (singil/pósta) á méadú ó €19,000/€38,000 go €20,000/€40,000.
- Tá pointe iontrála ÁSPC d’fhostaí á méadú go €352 sa tseachtain.
- Tá uasteorainn ÁSPC á méadú ó €48,800 go €50,700 ó 1 Eanáir 2008.
- Tairseach an Tobhaigh Sláinte á mhéadú ó €480 sa tseachtain go €500 sa tseachtain.
- Coinneofar daoine ar íosphá ó cháin ioncaim a íoc
- Coinneofar daoine ar an meánphá as an ardráta cánach
- Bainfear timpeall 39,000 saothróirí as an eangach cánach
- Cinnteofar go bhfanfaidh beirt as gach cúigear saothróirí ioncaim as an eangach
cánach ar fad.
- Ciallaíonn na bearta seo freisin go leanfaidh ceathrar as gach cúigear de shaothróirí
ioncaim ar ráta cánach éifeachtach nach mó ná an ráta caighdeánach.
Ag Cuidiú le Gnólachtaí – Bearta Cánach
- Athnuaitear faoiseamh cánach ar infheistíocht i scannáin go dtí deireadh 2012.
- Tá athruithe á ndéanamh mar a leanas ar na táillí do Chártaí Uathmheaisín/Dochair/Sochair:
- Cuntais i leith cártaí muirir agus cártaí creidmheasa €30 (€40 cheana)
- Cártaí Uathmheaisín & Cártaí Dochair €5 (€10 cheana)
- Comh-chártaí Uathmheaisín/Dochair €10 (€20 cheana)
- Tá Dleacht Stampála ar Bhillí Malairte (seiceanna san áireamh) á mheadú ó 15 ceint
go 30 ceint ó 6 Nollaig 2007.
- Tá na Tairsigh Cláraithe CBL do ghnólachtaí beaga á méadú ó €35,000 go €37,500 i
leith Seirbhísí, agus ó €70,000 go €75,000 i gcás earraí ó 1 Bealtaine 2008.
- Tá tairseach an dliteanais chánach le haghaidh cóireála mar chuideachta bheag á
mhéadú ó €150,000 go €200,000 ó 5 Nollaig 2007.
- Ta tairseach an dliteanais chánach i leith cuideachtaí Tionscantachta á mhéadú freisin
ó €150,000 go €200,000.
Ag Tacú le hÚinéireacht Tithe Cónaithe
- Athshructurú le déanamh ar Dleacht Stampála ar mhaoin chónaithe mar seo a leanas:
²
- Díoluine go dtí €125,000
- 7% ar €875,00 anuas air sin
- 9% ar an bhfuílleach
Beidh éifeacht ag an athrú seo maidir le hionstraimí nach mór a chur faoi bhráid
na gCoimisinéirí Ioncaim i gcóir stampála lá nach déanaí ná 5 Nollaig 2007. Mar
sin bainfidh Ionstraimí a fheidhmítear ins na 30 lá roimh 5 Nollaig 2007 tairbhe
as an athrú seo.
- Laghdaítear an tréimhse athghlamála i leith faoisimh ó dhleacht stampála do chéadcheannaitheoirí
agus úinéirí-aititheoirí eile ó 5 bliana go 2 bhliain le héifeacht ó 5 Nollaig 2007.
Bearta Cánach eile
- Méadú de 11% ar fhaoiseamh cánach do dhaoine a mhaireann i gcóraíocht phríobháideach
ar cíos.
- Méadú go €10,000 agus €20,000 do dhaoine singil/pósta faoi seach ar an uasteorainn
ar fhaoiseamh úis ar mhorgáiste do chéad cheannaitheoirí. Beidh an faoiseamh breise
ar fáil ar feadh an chéad seacht mbliana mar a bhfuil teidlíocht i leith faoisimh
úis mhorgáiste i gceist.
- Méadú go €10,000 sa bhliain ar an díolúine ar cháin ioncaim Seomra-ar Cíos.
- Méadú go €350 sa bhliain i leith faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí Ceardchumainn.
- Simpliú ar CBL maidir le Idirbhearta maoine agus an Earnáil Tógála
__________________________________________________________
² Leanfar ar aghaidh leis na díolúintí reatha do chéadcheannaitheoirí agus do cheannaitheoirí
tithe cónaithe nua araon.
5. Caiteachas
Infheistíocht don Todhchaí
Plean Forbartha Náisiúnta
Déanann an Creat Infheistíochta Caipitil Ilbhliantúil soláthar don chaiteachas caipitil
a choinneáil ag timpeall 6% ar an meán de OTN, le caitheamh carnach caipitil thar
an tréimhse os cionn €56 billiún (maoineofar beagnach €47 billiún de seo as an Státchiste
agus os cionn €9 billiún as CPP). Éascóidh an tiomantas leanúnach seo i leith infheistíocht
caipitil thar an meántéarma an céimsheoladh leanúnach den Phlean Forbartha Náisiúnta
2007-2013 chun tabhairt faoi easnamh bhonneagar na hÉireann agus chun géilleagar
iomaíoch borrach a chur chun cinn.
Iompar
Caithfear €2.7 billiún i 2008 as an Státchiste ar Iompar i 2008. Is breis de €349
milliún é seo ar an leithdháileadh réamh-Bhuiséid.
- Chomh maith, beidh €20 milliún breise ar Chlár Sábháilteacht ar Bhóithre agus feachtais
i 2008. San áireamh beidh ranníocaíocht aon uaire de €11 milliún chun an liosta
feithimh do thrialacha tiomána a laghdú, agus chun sprioc-am de dheich seachtainí
a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2008.
Bonneagar Seirbhísí Uisce
- €45 milliún breise do infheistíocht caipitil i Seirbhísí Uisce chun tacaíocht bhonneagair
leanúnach a thabhairt do fhorbairt sóisialta agus eacnamaíochta.
Oideachas
Is é €9,326 milliún an caiteachas iomlán Státchiste ar Oideachas i 2008. Is méadú
de €218 milliún é seo i gcomparáid leis an leithdháileadh Réamh-Bhuiséid. Caithfear
an leithdháileadh breise seo mar aon le roinnt sábhailteachtaí i réimhsí eile mar
a leanas:
- €95.2 milliún breise ar Chlár Tógála na mBunscoil chun buanspásanna breise scoile
a sholáthar sna cheantair is mó fáis.
- €26 milliún breise do chóiríocht shealadach scoile go dtí go mbeidh cóiríocht bhuan
ar fáil, a sholáthrófar faoin Chlár Tógála Scoile sna blianta amach anseo.
- €23.3 milliún breise i 2008 (€29.3 milliún i mbliain iomlán) do mhéadaithe sna deontais
a íoctar le scoileanna chun costais neamhphá agus seirbhísí eile a shásamh.
- €21 milliún breise i leith iompar scoile le haghaidh timpeall 135,000 leanbh bunscoile
agus iarbhunscoile, agus 8000 leanbh le riachtanais speisialta san áireamh.
- €18 milliún breise i 2008 (measta ag €26 milliún i mbliain iomlán) do Riachtanais
Speisialta Oideachais.
- €12 milliún breise do thaighde in Institiúidí tríú leibhéal faoin Straitéis um Eolaíocht,
Teicneolaíocht agus Nuálaíocht.
- €25 milliún breise i maoiniú na gCuntas Dímhaoin len úsáid i réimse bearta chun
tabhairt faoi Mhíbhuntáiste Oideachais.
- €3 milliún breise do bhearta cuimsithe sóisialta chun soláthar a dhéanamh do 500
áit bhreise um Litearthacht Aosach, 500 áit bhreise faoin Tionscnamh um Oideachas
a Athbhlaiseadh agus 100 áit Youthreach bhreise.
Feabhsuithe eile Bonneagair/Seirbhíse
- €6 milliún breise chun seirbhís na leabharlann poiblí a fhorbairt tuilleadh.
- Leithdháiltear €17.9 milliún breise ar an gCiste Rialtais Áitiúil. Dá réir beidh
ranníocaíocht ón Státchiste ag €545 milliún sa bhliain 2008.
- €13 milliún breise don Ghníomhaireacht Cosanta Comhshaoil (GCC) le haghaidh taighde,
forbairt agus monatóireacht agus costas tógála ag ceanncheathrú an GCC i Loch Garman,
agus líon foirne.
- Tá €10 milliún de mhaoiniú caipitil á sholáthar don Scéim Náisiúnta Leathanbhanda.
Cuideoidh seo le leathanbhanda a chur ar fáil do 10% den phobal nó mar sin, nach
bhfuil teacht acu air faoi láthair.
- €15.3 milliún de mhaoiniú reatha a gheobhfar de bharr an mhéadú sa Táille Ceadúnais
Teilifíse a ceadaíodh le déanaí. Leithdháilfear é go príomha ar RTÉ chun tacú le
seachadadh leanúnach a dhualgais i leith craoladh poiblí.
- Gheobhaidh TG4 €2.5 milliún breise ar a maoiniú reatha d’fhonn a chláracha i nGaeilge
a mhéadú.
- €3.3m breise do Sheirbhísí Dóiteáin.
Athrú Aeráide agus Cúrsaí Comhshaoil
Tuarascáil Charbóin
Soláthraíonn an Buiséad tuarascáil ar astuithe Carbóin agus athrú aeráide agus ar
bhearta atá á bhfógairt chun dul i ngleic leo seo ar nós CCF ar charanna a bheidh
le bunú ar astuithe CO2
Cáin Mhótair
Méadófar rátaí Cánach Mótair ar meán de 9.5% ó 1 Feabhra 2008. Níor méadaíodh an
cháin seo ó 2003 agus sa tréimhse seo méadaíodh an boilsciú de 15.3%. Fógróidh an
tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tionscnamh a bheidh i gcomhréir
leis an gcóras nua CCF a nascfaidh cáin mhótair le hastuithe CO2 i leith carranna
nua ó 1 Iúil 2008.
Caiteachas Breise ar Chaomhnú Fuinnimh agus Taighde
- Cuirfear maoiniú caipitil de €13 milliún ar fáil do thionscnaimh Caomhnaithe Fuinnimh.
- Tá maoiniú caipitil de €7 milliún á leithdháileadh ar Thaighde Fuinnimh, ar Fhuinneamh
In-athnuaite den chuid is mó.
Ag tacú le Feirmeoireacht agus an Eacnamaíocht Tuaithe
- €35 milliún breise chun an t-éileamh méadaithe faoin scéim Ionramhála Dramhaíola
Feirme a shásamh, chun cuidiú le coinníollacha agus caighdeáin chomhshaoil an AE
a chomhlíonadh (an Treoir Níotráidí).
- Tá €15 milliún breise á sholáthar don Scéim Leasa Diúil chun cabhrú le deiseanna
gnó a fhorbairt san earnáil mairteola mar a bhfuil an iomaíocht ag méadú.
- €40 milliún ar dtús in 2008 don Nuachiste Geataí Nuálaíochta. Soláthraítear leithdháileadh
de €300 milliún sa Chreat Infheistíochta Caipitil Ilbhliantúil.
- €8 milliún breise don Oidhreacht Náisiúnta (Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra).
- Tá €4 milliún á sholáthar chun an bonneagar caitheamh aimsire a fhorbairt faoi mar
a mhol Comhairle na Tuaithe ina National Countryside Recreation Strategy. Sa chineál
bonneagair a shamhlaítear tá cosáin agus conairí le haghaidh siúlóide, rothaíochta,
spaisteoireachta agus marcaíochta.
- €18 milliún breise do OOP le haghaidh tograí maolaithe tuilte in áiteanna éagsúla
ar fud na tíre.
- Ta €5.7 milliún breise á leithdháileadh chun costais na 2,600 rannpháirtí sa Scéim
Tuaithe Shóisialta in 2008 a shásamh.
Iascach
- €10 milliún breise le haghaidh scéim feabhsaithe um shoithí a dhíchoimisiniú , d’fhonn
cothromaíocht níos cuí a bhaint amach idir cumas na n-iascach agus líon na stoc
éisc.
- Tá €4 milliún breise de mhaoiniú reatha le haghaidh íocaíochtaí faoin Scéim Cruatain
Bhradáin agus tá €2.8 milliún de mhaoiniú reatha á soláthar do na Boird Iascaigh
Intíre maidir le feidhmiú na Creat-Treorach um Uisce.
Daoine Inleonta a chosaint
Leas Sóisialach
Is í bunfheidhm an Rialtais cosaint agus tacaíocht a thabhairt do earnálacha laga
ár sochaí. Déantar é seo tré fheabhsaithe a sholáthar sa phacáiste Leasa Shóisialaigh
arbh fhiú €900 milliún san iomlán i mbliain iomlán, (nó €980 milliún ar a n-áiritear
feabhsaithe in íocaíochtaí Luathchúram Leanaí agus méadaithe Soisialacha i réimsí
eile).
(Ó Eanáir 2008, mura ndeirtear a mhalairt)
- Méadú san uasphinsean pearsanta Stáit (Neamh-Ranníocach) de €12 nó 6% sa tseachtain
go €212 agus méadú ar an bpinsean (Ranníocach) Stáit de €14 nó 6.7% sa tseachtain
go €223.30.
- Méadú de €14 sa tseachtain in uasráta pearsanta i Liúntas Cúramóra, sa Sochar Curamóra,
agus sa Phinsean Sochar Bháis.
- Méadófar na húisméideanna uilig ar rátaí pearsanta Leasa Shóisialaigh de €12 sa
tseachtain. Ciallóidh sé seo go mbeidh an ráta iomlán de €197.80 sa tseachtain –
méadú de bhreis agus 6% - ar an ráta pearsanta iomlán Leasa Shóisialaigh is ísle.
- Tá méadú idir €8 agus €11.60 sa tseachtain ar Uasliúntas do Aoisigh Cháilithe (UAC)
i réimhse de phinsin.
- Dóibh siúd atá in aois oibre, tá méadú de €14 sa tseachtain go €221.80 ar íosmhéid
Socair Mháitreachais agus Socair Uchtála
- Méadú de €6 go €166 ar Shochar Linbh do gach leanbh in aghaidh na míosa (1ú agus
2ú leanbh) agus go €203 in aghaidh na míosa (3ú leanbh agus níos mó), le héifeacht
ó Aibreán 2008.
- Táthar ag méadú na n-uasrátaí liúntais do leanaí cleithiúnacha de €2 sa tseachtain
go €24 sa tseachtain.
- I gcás forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh tá méadú de €10 sa tseachtain ar thairseach
ioncaim i leith gach leanbh i gcás forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
- Méadú de €20 go €200 sa Liúntas Ar-Ais-ar-Scoil idir Éadach agus Bróga do pháistí
ó 2 bhliain go dtí aon bhliain déag agus méadú de €20 go €305 do gach leanbh idir
dhá bhliain déag agus dhá bhliain is fiche, más cuí, le héifeacht ó Mheitheamh 2008.
- Tá méadú de €2000 go €6000 sa deontas do Thuismitheoir Baintrí le héifeacht láithreach.
- Tá maoiniú breise á chur ar fáil do Chlár na mBéilte Scoile.
- Beidh méadú speisialta breise ar an uasráta de €15.40 sa tseachtain san uasliúntas
do Aoisigh cháilithe (os cionn 66). Tabharfaidh seo an ráta go €200 in aghaidh na
seachtaine atá le n-íoc i dtaca le Pinsean Stáit (Rannaíocach), Pinsean Stáit (Idirthréimhse),
nó Pinsean Easláinte.
- Síneadh ama seachtaine go 30 seachtain sa Scéim Náisiúnta Bhreosla le héifeacht
ó Aibreán 2008.
- Méadú de €200 go €1700 ar an Deontas Sosa Cúramóra ó Mheitheamh 2008.
- An neamháireamh ar an ioncam seachtainiúil faoin Scéim Cúramóra maidir le measúnú
acmhainne, méadófar é go €322.50 (singil) agus €665 (beirt) ó Aibrean 2008.
- Méadófar an t-uastairseach ioncaim chun bheith i dteideal na hÍocaíochta do Theaghlach
Aon Tuismitheora, de €25 sa tseachtain go €425 ó Bhealtaine 2008.
- Cuirfear aon mhodh leasaithe amháin i bhfeidhm, ó Aibreán 2008 d’fhonn Sochar agus
Pribhléid as ioncam tuismitheoirí a mheas do Liúntas Lorgóirí Oibre.
- Ó Mheán Fómhair 2008 méadófar de €100 go €500 an deontas bliantúil a íoctar mar
chuid den Scéim Liúntais um Oideachas a Athbhlaiseadh.
- I rith 2008 tabharfar isteach bearta éagsúla breise, ar a mbeidh méadú de €20 sa
tseachtain go €300 ar an uasteorainn maidir le teidlíocht ar íocaíocht barrchaolaithe
d’aosaigh faoi scéimeanna ábhartha.
- Tabharfar maoiniú breise don Ghníomhaireacht Tacaíochta Teaghlaigh i gcomhair comhairliúchán
póstaí, comhairliúchán linbh agus comhairliúchán méala, tograí taighde agus seirbhísí
eile.
- Cuirfear maoiniú breise ar fáil don tSeirbhís um Chomhairle agus Buiséadú le haghaidh
oiliúna agus tacaíochta breise do chuideachtaí MABS.
- Tabharfar maoiniú breise freisin don Bhiúró Faisnéise Saoránach.
Sláinte
Caithfear €16,156 milliún san iomlán as an Státchiste ar Shláinte in 2008. Is méadú
é seo de thimpeall €374 milliún ar na meastacháin réamh-Bhuiséid. Is iad na feabhsuithe
bith-thábhachta a thiocfadh as na hacmhainní breise seo sa bhliain 2008 agus amach
ná:
- Soláthar de €110 milliún chun scéim tacaíochta “Cothrom na Féinne” do thithe banaltrachta
a thionscnamh.
- €25 milliún breise do chúram daoine níos sinsearaí ar a mbeidh soláthar de phacáistí
cúram baile agus seirbhísí tacaíochta pobalbhunaithe eile.
- €50 milliún breise don Earnáil Éagumais, ar aon dul le clár infheistíochta ilbhliantúil
Bhuiséad 2005, i gcomhair seirbhísí do dhaoine le míchumas.
- Tá €46 milliún breise á leithdháileadh chun €100 breise an leanbh a mhaoiniú faoin
Fhorlíonadh Luath-Chúram Linbh go dtí aois a sé agus an aois sin san áireamh.
- €29 milliún breise chun cabhrú le seirbhísí ailse a sheoladh ar bhonn céimnithe
agus na Seirbhísí Náisiúnta Scagthástála agus na Seirbhísí Náisiúnta Onceolaíochta
san aireamh.
- €35 milliún i gcomhair chostas measta na ndámhachtainí de bharr Scéim Chúitimh Lourdes.
- €18 milliún in 2008 (€30 milliún i mbliain iomlán) i gcomhair cláir Imdhíonta.
- €10 milliún breise don Chiste Ceannacháin Chóireála Náisiúnta.
- €12 milliún in 2008 (costais iomlán de €33 milliún i mbliain iomlán) chun tograí
nuála um sheachadadh seirbhíse sa FSS a mhaoiniú chun athrú a thabhairt i gcrích
laistigh den eagraíocht.
- €3.1 milliún i Liúntais Sláinte, ag méadú i gcomhréir leo siúd a thugtar d’fhaighteoirí
Leasa Shóisialaigh, ó Eanáir, 2008.
- Tá €4.37 milliún á sholáthar in 2008 chun tacú leis na heagraíochtaí seo: Fondúireacht
Naomh Iósaef, Ráth Loirc (€1.5 milliún); Seirbhísí um Fhiobróis Chisteach, Ospidéal
Beaumont (€2.5 milliún); Lárionad Cuisle, Port Laoise (€170,000) (tograí caipitil
uilig) agus Áras Hope, Béal Easa (€200,000).
- €47.5 milliún breise d’infheistíocht do fhorbairt chaipitil
Inchailitheacht le haghaidh Cárta Leighis
Is tosaíocht don Rialtas seo cártaí leighis do theaghlaigh inleonta. Faoi láthair
tá an Roinn Sláinte i mbun próisis bhailithe sonraí agus athbhreithnithe maidir
leis na critéir incháilitheachta le haghaidh cártaí leighis. Táthar ag súil lena
chríochnú faoi Fhómhar na bliana seo chugainn.
Drugaí
- Tá €12.5 milliún breise á chur ar fáil chun feidhmiú mholtaí na Tuarascála Athshlánaithe
leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí a mhaoiniú. San áireamh tá forbairt agus neartú
na dTascfhórsaí Áitiúla Drugaí agus na seirbhísí a chéimsheoladh i mbailte nua comaitéireachta
Laighean.
Cúnamh Forbartha
- Tá €84 milliún breise sa Vóta le haghaidh Comhoibriú Idirnáisiúnta. Is é seo an
chomhchuid bharrthábhachtach chun coibhneas de 0.54% de OTN sa ranníocaíocht do
Chúnamh Forbartha Thar Lear (CFTL) a bhaint amach in 2008. Mar sin, is é iomlán
na ranníocaíochta CFTL in 2008 ná €914 milliún. Baineann formhór an mhéadaithe san
fhúilleach le ranníocaíochtaí breise d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, tionscnaimh a
bhaineann le Tuaisceart Éireann agus soláthar airgeadais don reifreann ar Chonradh
Leasaithe an AE.
- Tá leithdháileadh breise de €46 milliún do Chosaint agus a bhformhór sin ag dul
i leith costais in 2008 maidir le 400 ball de na Fórsaí Cosanta a bheith páirteach
in oibríocht mhíleata na NA in Chad.
Tithíocht
Tá timpeall €1.7 billiún sa phacáiste iomlán tithíochta in 2008. Éascóidh sé na
tiomantais ardaidhmeannacha atá in I dTreo 1916. Ar chomhchodanna suntasacha den
phacáiste iomlán seo tá:
- €124 milliún breise do thúsanna agus éadálacha tithíochta sóisialta sa tréimhse
2007-2009.
- Cuireadh €27 milliún breise ar fáil faoin Scéim um Chóiríocht-ar-Cíos.
- €50 milliún don Scéim um Cheannach Tithíochta Inacmhainne.
- Tá €26 milliún á sholáthar faoin Scéim um Iasachtaí agus Fóirdheontais Caipitil
(Tithíocht Dheonach agus Chomharchumann).
- Tá €10 milliún breise de na costais tosaigh a bhaineann le athnuachan i gceantair
áirithe i gCathair Luimnigh.
Caiteachas Eile
- €56 milliún breise in 2008 i leith An Gharda Síochána chun réimse d’fhorbairtí a
thacú, ar a bhfuil líon an Fhórsa a mhéadú go breis agus 14,200 Garda láncháilithe
faoi chríoch 2008, córas nua-aoiseach cumarsáide a sheachadadh, agus bearta eile
chun tacú leis an troid in aghaidh na coiriúlachta.
- €5 milliún do thionscnaimh um chuimsiú sóisialta, ar a bhfuil lánpháirtiú na bpobal
imirceach agus acmhainní breise do Cosc, agus do Straitéis Náisiúnta na mBan.
- €5 milliún breise don Bhord um Chúnamh Dlithiúil agus chun na seirbhísí Paiteolaíochta
agus Fóiréinseacha a neartú.
- Tá €14 milliún á leithdháileadh ar an tSeirbhís Phríosúin don chlár tógála agus
chun córas nua cumarsáide a chéimsheoladh.
Saothar a Chúiteamh
- Tá €25.8 milliún breise á leithdháileadh do liúntais mhéadaithe do rannpháirtithe
FÁS ar chúrsaí oiliúna agus fostaíochta i gcomhréir leis na méaduithe d’fhaighteoirí
Leasa Shóisialaigh.
- Leithdháileadh €7 milliún breise ar an gCiste Náisiúnta Oiliúna chun tacú leis an
Straitéis Náisiúnta Scileanna, ag díriú go háirithe ar uas-scileanna don líon oibre.
Nuálaíocht agus Fiontar
Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht
- Tá €36.5 milliún breise leithdháilte ar an gClár Eolaíochta, Teicneolaíochta agus
Nuálaíochta mar chuid de thiomantas an Rialtais chun geilleagar iomaíoch eolasbhunaithe
a chur chun cinn. Roinnfear é idir Fiontraíocht Éireann agus Fondúireacht Eolaíochta
Éireann.
Bearta Eile Buiséid
- €10.6 milliún breise de thacaíocht do Thograí Speisialta Imscrúduithe Cánach na
gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh mar thoradh orthu go bhfuarthas méaduithe suntasacha
i bhfáltais chánach le blianta beaga anuas.
- €5.8 milliún breise in 2008 (ar Caipiteal €2.2 milliún de) chun córais TF na gCoimisinéirí
Ioncaim a fhorbairt agus a uasghrádú.
- €44.5 milliún d’acmhainní breise d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) chun ceannach
láithreán a mhaoiniú do chlár díláraithe an Rialtais agus do stáisiúin nua don Gharda.
- €2 milliún breise de dheontas-i-gcabhair in 2008 don Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta
agus Sóisialta le haghaidh costais aistrithe na hInstitiúide go háitreabh nua.
- €0.25 milliún chun an Coimisiún Cánachais a bhunú.
- €4.5 milliún breise chun an tseirbhís a thugann Fáilte Éireann don Turasóireacht
a fheabhsú.
- €5 milliún breise don Chiste Margaíochta Turasóireachta chun táirge turasóireachta
na hÉireann á athbhrandáil agus chun tioncnamh i réigiún na Sionainne a mhaoiniú.
- €6 milliún de mhéadú sa mhaoiniú do Chomhairle Spóirt na hÉireann chun tacaíocht
bhreise a thabhairt d’imeachtaí spóirt ar fud na tire.
- Soláthar breise de €37 milliún i gcomhair na Staide nua i mBóthar Lansdúin.
- €12.5 milliún de mhéadú chun áiseanna ealaíon agus cultúir ar fud na tíre a fheabhsú.
- €2 milliún de mhéadú sa mhaoiniú do Bhord Scannán na hÉireann.
- €2.2 milliún breise i gcomhair na gcostas a bhaineann leis an bhFóram Náisiúnta
um an Eoraip chun cuidiú le díospóireacht agus plé ar cheisteanna maidir leis an
Aontas Eorpach, ról na hÉireann laistigh den Aontas agus Conradh Leasaithe an AE.
- €0.75 milliún i gcomhair na gcostas a bhaineann le clár an Athbhreithnite Eagraíochta
sa státseirbhís, as a dtiocfaidh sraith de thuarascálacha faoi chumas Ranna Rialtais
tabhairt faoi dhúshláin nua.
- €4.1 milliún breise don Phríomh-Oifig Staidrimh, chun réimse agus cáilíocht na sonraí
a fheabhsú.
Críoch
5 Nollaig 2007
Tá breis eolais ar chuile cheann de na beartais seo ar fáil ag www.budget.gov.ie
Gluais Gaeilge Béarla – Giorrúcháin sa Téacs
Irish English Glossary of Abbreviations in the Text
AE Aontas Eorpach EU
ÁSPC Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta PRSI
CAI Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta IMF
CBCT Comhardú Buiséid arna Choigeartú go Timthriallach CABB
CBL Cáin Bhreisluacha VAT
CCF Cáin Chlárúcháin Feithiclí VRT
CFC Cáin ar Fháltais Chaipitiúla CAT
CGC Cáin ar Ghnóthachain Chaipitiúla CGT
ECFE Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch OECD
ÍMAT Íoc mar a Thuillir PAYE
NA Náisiún Aontaithe UN
OOP Oifig na nOibreacha Poiblí OPW
OTI Olltáirgeacht Intíre GNP
OTN Olltáirgeacht Náisiúnta GNP
SA Stáit Aontaithe US
SFG Scéim um Fhairsingiú Gnó BES
UAC Uasliúntas do Aoisigh Cháilithe QAA
- 1 -
|